Bi ag ple

Tá Gael Linn ag eagrú sraith ócáidí sóisialta Gaeilge faoin teideal, Plé, i mBaile Átha Cliath.

Tá Gael Linn ag eagrú sraith ócáidí sóisialta Gaeilge faoin teideal, Plé, i mBaile Átha Cliath.

Dúirt príomhfheidhmeannach an eagrais, Antoine Ó Coileáin: "Trí imeachtaí Plé, tá súil againn gréasán Gaeilge a chruthú de dhaoine ar mhaith leo castáil ar a chéile agus plé a dhéanamh ar ábhair chomhspéise. Ina theanna sin, déanfaidh Plé freastal ar phobal líonmhar a bhfuil Gaeilge acu agus a d'fháilteodh roimh an deis í a chleachtadh."

Beidh an chéad ócáid Plé ar siúl seachtain ón lá inniu ag 8am i gCaife Trí D, Sráid Dásain, BÁC, agus is é Frank Allen, príomhfheidhmeannach an RPA, an eagraíocht atá i mbun forbairtí Luas agus Metro don chathair a bheidh ag caint.

Beidh ócáidí eile Plé ar siúl ar an dara Céadaoin de gach mí. Eolas: ple@gael-linn.ie nó 01-6751200.