Bi i d'fhear, bi i do laoch, ni tacaiocht go B-52

Baile Átha Cliath, 2016: Shuigh Bertie síos. Nach é a bhí tuirseach

Baile Átha Cliath, 2016: Shuigh Bertie síos. Nach é a bhí tuirseach. Bhí lá iomlán ceiliúrtha déanta aige ag comóradh 100 bliain an Éirí Amach.Bhí an pharáid, a smaoinigh sé, thar barr.

Níor chuir sé oiread agus deoir amháin fearthainne. Agus, níos fearr arís, ní raibh na hóráidí ró-olc. Leoga, bhí cuid acu thar a bheith spéisiúil, an stuif sin ar fad faoi idéil an Phiarsaigh, neamhspleáchas na hÉireann agus ról na poblachta sa saol comhaimseartha. Sea, lá maith, leoga, bliain mhaith.

Bhí mórán eile ábhar ceiliúrtha ag Bertie. Ba é an Taoiseach b'fhaide seirbhís i stair an Stáit é agus ní raibh rún ar bith aige aistriú go dtí Áras an Uachtaráin go ceann tamaill eile. B'fhear óg go fóill é; ba pholaiteoir oilte é agus ba pholaiteoir ádhúil é. Cinnte, bhí go leor géarchéimeanna polaitiúla ina shaol ach thug sé a cheann leis.

Bhí cúrsaí i ndiaidh an Dara Cogadh Murascaille achrannach go maith. Ó, níorbh é úsáid aerphort na Sionainne an chuid ba mheasa de nó an cogadh féin. Ba chuma faoi sin. Ba é an gorta mór a lean an cogadh an chuid ba mheasa de.

READ MORE

In ainneoin na cainte ar fad a rinne George Dubya agus Tony B faoi chabhair a chur ar fáil do phobal na hIaráice, níor tharla sé gasta go leor agus ní raibh na vótóirí róshásta nuair a chonaic siad pictiúir de pháistí ag fáil bháis den ocras ar na scáileáin teilifíse.

Fiú freasúra chomh héagumasach lena fhreasúra féin, thapaigh siad an deis le cáineadh a dhéanamh ar an Rialtas. Ba chuma sin fosta murach gur dhúirt Harney: "Itheadh siad i mBoston" ag preasócáid. Bhuel, chuir sin an lasóg sa bharrach.

Cé a shamhlódh go dtoghfaí Enda Kenny ina Thaoiseach agus an Rottweiler sin, Rabbitte, ina Thánaiste?

Cibé, níor mhair an rialtas sin rófhada, a smaoinigh Bertie, agus ní raibh sé ródheacair comhrialtas eile a chur le chéile - an iarraidh seo, ceann le Sinn Féin. (Bhí lucht an ghrinn ag tabhairt Fianna Féin air cheana féin.)

Ó, cinnte, rinne na hiriseoirí gearán go raibh sé ag roinnt cumhachta le hiar- sceimhlitheoirí ach thuig Bertie cluiche na polaitíochta ní b'fhearr ná coillteáin d'iriseoirí.

Gan amhras, bhí sé aisteach bheith ag amharc anonn ar Gerry Adams thar tábla an chaibinéid agus, gan amhras, bhí sé leadránach bheith ag éisteacht leis agus é ag caint faoin "cheist náisiúnta" an t-am ar fad ach lig Bertie an méid sin leis. A fhad is nach raibh na Tuaisceartaigh ag ithe a chéile, b'fhearr le Bertie agus le gach duine eile é a fhágáil ina scéal fuar.

Ní raibh na Shinners chomh holc sin. Is acu a bhí an spórt an lá a shocraigh siad ar na haireachtaí éagsúla. "Níl mise ag iarraidh bheith i m'aire sláinte," a dúirt Bairbre de Brún. Ó, rinne gach aon duine gáire faoi sin.

Faraor, ní raibh gach rud chomh sona céanna agus smaoinigh Bertie ar an ábhar mór polaitíochta a d'fhéadfaí dochar a dhéanamh dó féin - an Tríú Cogadh Murascaille.

Bhí uachtarán na Stát Aontaithe, Colin Powell, chuige arís agus é ag iarraidh úsáid a bhaint as aerphort na Sionainne. An iarraidh seo, áfach, bhí sé ag iarraidh go ligfí do na B-52s é a úsáid mar ionad míleata.

Bhí sé ina chogadh dearg san Iaráic i rith an ama agus an Iraqi Republican Army - "Ní bhaineann siad linne," a dúirt Adams - ag ionsaí targaidí Meiriceánacha sa tír agus ar fud an réigiúin.

Bhí an tSiria ag déanamh ionsaithe rialta diúracáin ar na hArda Golan; bhí caismirtí idir fórsaí na hIaráine agus trúpaí Mheiriceá san Iaráic ag dul in olcas agus bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh Iosrael ar tí ionradh a dhéanamh ar an Iordáin le DMZ 50 míle a bhunú idir í agus an chuid eile den domhan Arabach.

Bhí an réigiún ar fad ina chac. Ach ba chuma le Bertie an réigiún bheith ina dheargchac a fhad is go raibh deis aige fanacht glan amach as. Faraor, ní raibh an deis sin ann níos mó.

Bhí Powell ag déanamh cinnte de nach raibh. Beidh jabanna i gceist, a dúirt Powell, mura dtacaíonn Éire lenár n-iarrachtaí cogaidh. "Nach bhfuil go leor ionad míleata sa Bhreatainagat ?" a d'fhiafraigh Bertie de.

"Tá," a d'fhreagair Powell, "ach tá comhghuaillithe de dhíth orainn.

"Ní féidir linn na B-52s a chur soir go Tripoli agus an Damaisc gan tacaíocht idirnáisiúnta. Agus ó chuidigh tú linn an uair dheireanach, ba dheas dá gcuideofá linn arís.

"Tá na diabhal Francaigh ag diúltú dúinn arís."

Agus chonaic Bertie go glinn uachtarán na Fraince, Dominique de Villepin, ar an teilifís agus gach aon "Non" sotalach bródúil aige.

"Sheas muid lenár gcuid prionsabal i 2003," a dúirt de Villepin, "agus níl rún againn athrú anois."

"Ach is mór idir B-52 agus eitleáin lán trúpaí," a d'impigh Bertie.

"Amharc air mar seo," a dúirt Powell, "na trúpaí a bhí ar cuairt in 2003, níor cheannaigh siad ach Mars Bars ach fuair cuid acu bás ar shráideanna Bhagdad. Chomh fada agus a bhaineann sé leis na hArabaigh, tháinig siad as Éirinn.

"Tá tusa páirteach sa troid oiread chéanna linne. Bí i d'fhear. Bí i do laoch. Ní tacaíocht go B-52."