Bimis ag leamh

Cad iad na bealaí is fearr chun páistí a spreagadh chun leabhair a léamh? Sa leabhrán, Bímis ag Léamh le hAntain Mac Lochlainn…

Cad iad na bealaí is fearr chun páistí a spreagadh chun leabhair a léamh? Sa leabhrán, Bímis ag Léamh le hAntain Mac Lochlainn (Comhar) moltar seachtain léitheoireachta a eagrú sa scoil.

Tá cur síos ann ar shraith de ghníomhaíochtaí chun go dtuigfidh na páistí nach rud marbh ar phár atá san fhocal scríofa, ach rud beo a bhfuil spleodar agus siamsaíocht ag baint leis.

Tugtar eolas ann faoi na scéimeanna atá anseo in Éirinn chun scríbhneoirí a thabhairt ar cuairt chun na scoile agus comhairle faoi na bealaí is fearr leis na páistí a ullmhú i gcomhair na cuairte.

Tugtar eolas fosta faoi eagrais éagsúla atá ann chun cuidiú le scoileanna an léitheoireacht a chur chun cinn, leithéid Irish School Book Fairs, agus faoi na hacmhainní leictreonacha atá ar fáil.

READ MORE

Chun cuid den diamhracht a bhaineann le leabhair a dhíbirt, moltar na páistí a chur ag obair ar a gcuid leabhar féin. Tá liosta de láithreáin gréasáin ar an Idirlíon ar a bhfuil treoir faoi dhearadh leabhar.

Cé go n-aithníonn an t­údar nach bhfuil soláthar sásúil á dhéanamh ar léitheoirí óga sa Ghaeilge, agus ar dhéagóirí go háirithe, scríobhann sé go bhfuil ábhar léitheoireachta curtha ar fáil ag an Ghúm agus ag foilsitheoirí príobháideacha atá ar aon chaighdeán feabhais lena mhacasamhail sa Bhéarla. Féachann sé le páistí a spreagadh chun an t-ábhar sin a léamh.

Ba mhór an áis an leabhrán seo do mhúinteoirí bunscoile agus do mhúinteoirí ranganna sóisir ar an dara leibhéal, do threoraithe clubanna óige agus do thuismitheoirí ar mhaith leo dúil sa léitheoireacht, léitheoireacht na Gaeilge ach go háirithe, a spreagadh san aos óg.

Eolas: 01-6785443 comhar@eircom.net