Bliain chulturtha

Cuirfidh Gaelchultúr i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, tús leis an chéad chúrsa nua teanga dírithe ar an phobal seachtain…

Cuirfidh Gaelchultúr i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, tús leis an chéad chúrsa nua teanga dírithe ar an phobal seachtain ón Luan.

Beidh sé leibhéal i gceist: bunrang 1, bunrang 2, meánrang 1, meánrang 2, ardrang agus rang cruinnis. Déanfaidh na rannpháirtithe freastal ar rang amháin dhá uair an chloig - idir 7pm agus 9pm - oíche sa tseachtain ar feadh 12 seachtain. €220 an táille atá i gceist. Seachtain ón lá inniu an spriocdháta d'iarratais.

Tá imeachtaí eile ar siúl ag Gaelchultúr ina ionad ar nós ceolchoirmeacha, drámaí, ciorcal comhrá ag am lóin, grúpa léitheoireachta ag am lóin agus ceardlanna amhránaíochta, club scannán agus cúrsaí do dhaltaí na hidirbhliana. Eolas: 01-6753658, eolas@gaelchultur.com nó www.gaelchultur.com

Beidh ceardlann aisteoireachta leis an léiritheoir Rúiseach, Dmitri Vassiliev, ar siúl i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, ag an deireadh seachtaine.

READ MORE

Is ceardlann í seo atá dírithe ar aisteoirí gairmiúla a bhíonn ag obair trí mhéan na Gaeilge agus táille clárúcháin £10/€14 leis.

Eolas: 048-90208040 nó brid@aislingghear.com