Bliain eile ach an cheist chéanna le plé

Tuarascáil: Bliain eile agus ní fada go mbeidh trí ócáid mhóra ag lucht na Gaeilge le cás na teanga a phlé.

Tuarascáil:Bliain eile agus ní fada go mbeidh trí ócáid mhóra ag lucht na Gaeilge le cás na teanga a phlé.

Beidh cruinniú poiblí - "An Ghaeilge: Bás nó Beatha?" ag Fondúireacht na Gaeilge agus an Mheitheal Straitéise Taighde agus Tionscnamh (MSTT) i mBaile Átha Cliath seachtain ón lá amárach ag 6.45pm i Seomra Yeats, Óstán Mont Clare, Cearnóg Mhuirfean, Báile Átha Cliath.

Ar na cainteoirí, beidh uachtarán Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, Neasa Ní Chinnéide; an léachtóir mata Donncha Ó hÉalaithe agus cathaoirleach MSTT, Breandán Mac Cormaic.

Dúirt Mac Cormaic go raibh an cruinniú dírithe ar lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Bhí dhá phríomhchuspóir leis: an mheitheal agus an fhondúireacht a chur os comhair an phobail agus díospóireacht a thosú le pobal na Gaeilge faoi thodhchaí na teanga.

READ MORE

Is é "Forbairt na Gaeilge 1958-2008" téama Scoil Gheimhridh Merriman i mbliana. Beidh an scoil ar siúl idir an Aoine, 1ú Feabhra, agus an Domhnach, 3ú Feabhra i gCathair na Mart, Co Mhaigh Eo.

Dúirt ball den choiste, Róisín Ní Ghairbhí: "Le deich mbliana anuas tá forbairtí éagsúla - fás TG4, an borradh atá faoi thionscail an aistrithe agus tograí foclóireachta éagsúla tar éis go leor dea-mhéine a chothú i leith na Gaeilge - agus fostaíocht freisin.

"Ach cén tionchar atá imeartha ag na forbairtí seo ar an teanga? Agus imní ar go leor daoine go gclaochlófar an Ghaeilge ina scáth den Bhéarla lena bhfuil d'ídiú á dhéanamh ar an teanga sa Ghaeltacht is tráthúil go dtiocfaí le chéile chun na ceisteanna seo go léir a scagadh."

Is é Nicholas Williams, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a thabharfaidh chéad léacht na hócáide le caint ar "Caighdeánú na Gaeilge" ag 8.30pm Dé hAoine, an chéad lá d'Fheabhra.

Beidh siompóisiam ar siúl Dé Sathairn 2ú Feabhra ag 10.30am ar "Beatha teanga a labhairt: buanú teanga a scríobh". Beidh an múinteoir agus tráchtaire Máire Ní Fhinneadha; an t-aistritheoir agus scríbhneoir Antain Mac Lochlainn agus an taighdeoir foclóireachta, Pádraig Ó Mianáin ar an phainéal.

Beidh seoladh leabhair, Béarla sa Ghaeilge - Cabhair Choigríche: an Códmheascadh Gaeilge/Béarla i Litríocht na Gaeilge 1600-1900, le Liam Mac Mathúna ag 2.15pm an lá céanna agus tabharfaidh leascheannaire TG4, Pádhraic Ó Ciardha, léacht ag 8.30pm, "Fís an Fhocail".

Tabharfaidh na filí Gabriel Rosenstock agus Colm Breathnach léamh filíochta agus beidh ócáidí ceoil le linn na scoile fosta. (Eolas: 086-3820671 nó www.merriman.ie)

Ar deireadh, beidh ceann de na himeachtaí is mó eile i bhféilire na teanga, Tóstal na Gaeilge, ar siúl i nGaillimh idir an Aoine 22ú agus an Satharn 23ú, Feabhra. Is é "Fíorú na Físe" téama na bliana seo.

Labhróidh Seosamh Mac Donncha, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, faoi na príomh-mholtaí a tháinig as staidéar teangeolaíoch na Gaeltachta a foilsíodh anuraidh Dé Sathairn.

Tabharfaidh cathaoirleach MSTT, Breandán Mac Cormaic, caint ar an Ghaeilge sa chóras oideachais agus déanfaidh Tadhg Ó hIfearnáin, Ollscoil Luimnigh, cur síos ar shóisialú teanga Dé Sathairn fosta.

Beidh fóram poiblí ar siúl tráthnóna Dé Sathairn leis an Ghaeltacht, an Ghaeilge sa Phobal agus an Ghaeilge sa chóras oideachais a phlé. (Eolas: 01-6794780 nó www.tostal.ie)

Raidió na nÓg

Tá sraith nua, Raidió na nÓg,le tosú ar Raidió na Life (106.4 FM) tráthnóna inniu ag 6pm. Is clár é atá léirithe ag páistí agus dírithe ar pháistí.

Is é Niall MacDonagh (Neelo TG4) a chuirfidh an clár i láthair le cuidiú ó dhaltaí na cathrach. Deir sé go mbeidh cuairteoirí ar nós Móragallaí na Seachtaine, léirmheastóirí, an tOllamh Craiceáilte agus laoch an chláir, Brian na mBromanna ina chuideachta. Lena chois sin, beidh comórtais agus duaiseanna le buachan.

Ag foghlaim fós

Ní haon nuacht í a rá gur deacair an ní é páistí a thógáil le Gaeilge i gceantair taobh amuigh den Ghaeltacht. Is cabhair éigin í seirbhís teilifíse ach is dócha gur tábhachtaí Gaeilge bheith sa timpeallacht ná rud ar bith eile.

Níl mórán Gaeilge ag mo chéile mná ach spreagann sí na páistí i gcónaí le Gaeilge a úsáid. Tharla go raibh Scooby Doo ar TG4 thar saoire na Nollag. "Look," a dúirt sí le mo mhac, "you could watch Scooby Doo on TG4 and hear some Irish."

D'fhreagair mo mhac i nGaeilge í le haon fhocal amháin: "Níl." Bua, foghlaim agus ceacht de chineál éigean é sin - bíodh is nach moladh é do Scooby Doo na Gaeilge.

áisaid - buanúperpetuation - caighdeánústandardize

duaeffort - feabhasimprovement - taighdeoirresearcher