Bond, Seamus Bond

Beidh seó faisin ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge, Baile Átha Cliath, san oíche anocht idir 8

Beidh seó faisin ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge, Baile Átha Cliath, san oíche anocht idir 8.30pm agus 10 pm agus téama ar leith ag baint leis - scannáin James Bond ó ré Sean Connery go ré Pierce Brosnan.

Tá Muireann Nic Cárthaigh ar dhuine de na daoine atá taobh thiar den seó: "Táimid ag bailiú airgid do Chrois Dhearg na hÉireann le haghaidh na ndaoine san Áis agus i nDafour na hAfraice.

Beimid ag caitheamh éadaí foirmeálta agus ag déanamh aithris ar roinnt de na carachtair ó na scannáin san áireamh. Beidh damhsa, drámaíocht agus píosa craic sa seó."

Dúirt sí go raibh gliondar uirthi faoin tacaíocht a thug comhlachtaí i mBaile Átha Cliath don fhiontar. Tá éadaí na bhfear faighte ó Black Tie, Tír an Iúir, agus éadaí na mban ó Laura Hickey, Sráid Sheoirse.

READ MORE

Oibrithe ó na heagrais Ghaeilge a bheidh ina mainicíní agus Antaine Ó Faracháin ina fhear an tí. €10 atá ar an doras.