Bord ceaptha

Tuairiscíodh sa cholún seo an tseachtain seo caite go raibh moill an Aire Stáit, Máire Ní Chochláin, sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta…

Tuairiscíodh sa cholún seo an tseachtain seo caite go raibh moill an Aire Stáit, Máire Ní Chochláin, sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, chun Bord na Leabhar Gaeilge a cheapadh ag cur baic ar obair fhoilsitheoireacht na Gaeilge.

An lá dár gcionn, Déardaoin, d'eisigh oifig an Aire Stáit preasráiteas ina ndúradh go raibh an tAire Stáit tar éis comhaltaí agus cathaoirleach a cheapadh ar feadh tréimhse trí bliana, ón 1ú Eanáir 2002 go dtí 31ú Eanáir 2004.

Is ar nuacht Raidió na Gaeltachta, go díreach nó go hindíreach, a chuala an cathaoirleach agus na comhaltaí gur ceapadh iad. Bhí sé ina scéal nuachta ar an nuacht réigiúnach ó Thír Chonaill gur ceapadh fear as deisceart Dhún na nGall, Eanna Ó Cuinneagáin, ina bhall.

Agus an colún seo ag dul chun cló, níl fógra oifigiúil faighte ag na comhaltaí go fóill faoina gceapachán. Dúirt urlabhraí ón Roinn arú inné go raibh na litreacha ullamh le cur amach. Ní dheachthas ag lorg seoltaí na gcomhaltaí go dtí Dé hAoine.

READ MORE

Tá an chuma air fosta nár chuir an tAire Stáit san áireamh go bhféadfadh duine de na comhaltaí a ainmníodh diúltú don cheapachán. Tá tuairmíocht ann go bhfuil duine acu ag smaoineamh air sin a dhéanamh mar gheall ar an bhealach ar pléadh leis.

Mar a dúirt comhalta amháin: "Bhí trí bliana acu chun bheith ag smaoineamh ar bhord nua agus ní dhearnadar aon rud go dtí go raibh tuairisc i dTuarascáil faoi."

Tá cúigear den seanbhord athcheaptha: an Cathaoirleach, Vivian Uíbh Eachach, údar agus aistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin; an Dr Éamonn Ó hÓgáin atá ag obair le hAcadamh Ríoga na hÉireann ar an bhFoclóir Gaeilge; Rhoda Bn Uí Chonaire, tuismitheoir agus iar-eagarthóir cúnta sa Ghúm; Diarmuid Ó Cathasaigh, iar-bhainisteoir ÁIS; Áine Nic Gearailt, bainisteoir an tsiopa leabhar sa Chultúrlann i mBéal Feirste.

Cé gur mór an dul chun cinn atá déanta ag foilsitheoireacht na Gaeilge le blianta beaga anuas is fada aitheanta go bhfuil easnaimh ann ó thaobh margaíochta, poiblíochta agus díolaíochta de. Táthar ag súil go mbeidh an taithí ag an seisear nuacheaptha sna réimsí sin.

Foilsitheoir gairmiúil is ea Seán Ó Baoill a bhfuil a chomhlacht féin, Columba Press, aige. Is í Irene Ní Mhuireagáin, stiúrthóir an chomhlachta, Cumarsáid Creative. Chaith Úna Ní Chonchúir, eagarthóir na hirise Comhar, seal ina bainisteoir ar an chomhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnachta.

Is úinéir an tsiopa leabhar, Cathach Books i mBaile Átha Cliath, é Éanna Ó Cuinneagáin. Tá taithí nach beag i réimse na foilsitheoireachta agus i gcúrsaí gnó ag iar-rúnaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Bláthnaid Uí Bhrádaigh; agus léachtóir Gearmáinise a bhfuil an-chur amach aici ar chúrsaí aistriúcháin is ea Andrea Nic Thaidhg