Bothar an tSamhraidh

Beocheist: Roadside people may get a summer tan but that's about all they can hope for, writes Seán Ó Riain

Beocheist: Roadside people may get a summer tan but that's about all they can hope for, writes Seán Ó Riain

Bhíomar inár suí ag Ard-Aifreann sollúnta in ardeaglais Santa Maria Maggiore sa Róimh. Meascán Laidne is Iodáilise. Ceol fíorálainn ag baint macalla as an tsíleáil snoite agus as neamh féin. Luigh an bhean a bhí liom isteach ar an gcanadh.

Et in terra pax hominibus.

Nuair a thángamar amach as an ardeaglais bhí sé ag cur báistí. Tamaillín uainn bhí fear ina shuí ag lorg déirce.

READ MORE

Tháinig fear dea-ghléasta ina threo, ba léir go raibh aithne acu ar a chéile. Chuaigh an duine dea-ghléasta ar a ghogaide, a lámh ar cheann a charad ag slíocadh a chuid gruaige. Bhí comhrá eatarthu, iad ag féachaint go ceanúil ar a chéile. Scaip aoibh na beirte gruaim na báistí.

Chonaiceas an saghas caidrimh seo go minic nuair bhíos ag obair le Clann Shíomóin. Fiú munar féidir leat cás an duine bhoicht a leigheas, is féidir bheith i do chara aige. Thugas euro don bhfear ach is eagal liom gur déirc gan bhrí déirc gan chaidreamh.

D'fhilleamar ar Éirinn mar a chualas fear ar RnaG a rá go mbeadh drochshamhradh againn muna dtiocfadh feabhas ar an aimsir. Loighic fhoirfe.

Is cuma cén sórt aimsire a bhíonn againn i rith an tsamhraidh, tá dream amháin ann a bhíonn dubh dóite ag soineann is doineann le teacht an fhómhair. Is iad san na daoine a chónaíonn ar na sráideanna, fuaidirí gan fhothain. Ní haon sólás ná ardstádas dóibh siúd dath na gréine bheith orthu.

Is minic an scéal céanna ag lucht sráide. Áthas gur stop duine chun cainte leo, chun comhartha measa seachas bonn airgid a bhronnadh orthu.

"You gave us good acknowledgement," arsa duine acu agus toisc san bhí orm lámha a chraitheadh an dara huair le gach éinne sa bhaicle bheag dhearóil.

Fan tamall agus is cinnte go mbeidh caint ann faoin áit dhúchais agus fáth a n-imeachta. Easaontas le tuismitheoir, easpa cabhrach le trioblóid éigin a chur ina ceart, eachtra a mhúscail doicheall na gcomharsan. Ruainne dóchais fágtha fós go bhfillfidh siad lá éigin amach anseo agus go mbeidh gach rud mar a bhíodh fadó ó shin.

Ach ní mar sin a bheidh. Dúirt fear liom "Ní inseoidh mé bréag, ólfaimid an t-airgead a thugais dúinn. Níl bealach ar bith eile againn le codladh na hoíche a fháil."

D'amharc sé orm le dínit ach bhí loinnir na súl múchta.

Tamaillín ó shin stopas chun cainte le beirt a bhí ina suí go gioblach ar bhinse sráide. "Dub" is ea Jimmy, Paddy ina Chorcaíoch. Fuair Paddy agus mé féin amach gur dheineamar beirt freastal ar an bhunscoil chéanna cois Laoi, eisean timpeall deich mbliana i mo dhiaidh.

Mo dhála féin, ghnóthaigh Paddy scoláireacht don mheánscoil. Luamar an bráthair seo is an bráthair siúd. "Sea, bhíodar go maith chun sinn a ullmhú do na scrúduithe ach n'fheadar, tá rudaí níos tábhachtaí ná scoláireachtaí ann."

Thit tost air.

DREAM eile a bheidh ar thaobh an bhóthair an samhradh seo ná clann den Lucht Siúil a chónaíonn gar go leor dom agus atá ag bogadh amach as an ionad staid ar saoire. Tabharfaidh siad dúshlán na ndlíthe nua.

D'eagraigh Ned óg ón gclann sin oilithreacht, seantraidisiún ag an Lucht Siúil, le déanaí. Gan chabhair ó shagart ná ó thuismitheoirí, thug sé féin is scata col ceathracha aghaidh ar Loch Dearg.

"Bóthar fada ach bhaineamar ardtaitneamh as, bhuaileamar le daoine nua, daoine cneasta. Fillfimid an bhliain seo chugainn. Ach Mikey agus beirt eile, nár shleamhnaigh siad ar ais san óstán, isteach faoi na leapacha leo agus bhí an dara codladh acusan agus an chuid eile againn ag paidreoireacht!"

I Sráid na mBráithre Bána i mBaile Átha Cliath i bhfad ó ardeaglaisí na Róimhe, tá gnáthshéipéal. An chosmhuintir ann.

Lasmuigh ar thaobh na sráide bíonn bean ag lorg déirce, bean fhoighneach. Leáfadh aoibh is gáire na mná an sneachta féin.

Beannacht eaglasta.