Bua béaloideasa

MÍ AIBREÁIN, 1935, a reáchtálaíodh an chéad chruinniú de Choimisiún Béaloideasa Éireann i mBaile Átha Cliath, an chéad eagras…

MÍ AIBREÁIN, 1935, a reáchtálaíodh an chéad chruinniú de Choimisiún Béaloideasa Éireann i mBaile Átha Cliath, an chéad eagras státurraithe a d’fhostaigh bailitheoirí le béaloideas a bhailiú ó bhéal na ndaoine.

Cnuasach Bhéaloideas Éireann atá anois ar an eagras agus é i mbun oibre go fóill. Tá an cnuasach féin le fáil in Áras Newman ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Cartlann phoiblí atá ann a bhfuil lámhscríbhinní, taifeadtaí fuaime agus físe, grianghraif, íomhánna, líníochtaí agus péintéireacht inti. Baineann taighdeoirí agus cuairteoirí úsáid aisti gach aon bhliain.

Leis an 75 bliain a chomóradh, beidh léachtaí poiblí, seoladh leabhair, taispeántas grianghraf agus cláir raidió agus theilifíse ar siúl ó mhí na Bealtaine go dtí deireadh na bliana.

READ MORE

Dúirt stiúrthóir an chnuasaigh, Ríonach Uí Ógáin, go raibh sí “an-bhródúil” as a raibh bainte amach ag an tionscnamh. Bhí súil aici go dtiocfadh daoine go dtí na hócáidí ceiliúrtha agus go dtabharfadh na himeachtaí éagsúla deis “an cnuasach a chur in aithne do dhaoine”. “Ábhar an-mhór go hidirnáisiúnta” a bhí sa bhéaloideas agus bhí idir 250 agus 300 mac léinn ar an ollscoil ag déanamh staidéir ar an ábhar faoi láthair.

Eolas:bealoideas@ucd.ie