Bua Mhaigh Eo

D'fhógair Oireachtas na Gaeilge a gcuid duaiseanna liteartha ag ócáid i mBaile Átha Cliath aréir

D'fhógair Oireachtas na Gaeilge a gcuid duaiseanna liteartha ag ócáid i mBaile Átha Cliath aréir. Bronnadh Gradam an Oireachtais ar an fhoilsitheoir agus scríbhneoir, Colmán Ó Raghallaigh as a shaothar do dhéagóirí.

Tá úrscéalta grafacha d'ardchaighdeán scríofa agus foilsithe aige agus is minic a ainmnítear ar ghearrliosta Bistro é, ceann de na comórtais is iomráití do scríbhneoireacht na n-óg.

Ar ndóigh, is i Maigh Eo a chónaíonn an Raghallach. Bua uile-Éireann don chontae faoi dheireadh!

Ba í Anna Heussaff, Baile Átha Cliath, a thug an chraobh léi sa chomórtas d'fhicsean éadrom lena húrscéal, Bás Tobann, agus ba é Beairtle Ó Conaire as Gaillimh a bhain an chéad áit amach i bhficsean liteartha lena shaothar,

READ MORE

Bua Mhaigh Eo

D'fhógair Oireachtas na Gaeilge a gcuid duaiseanna liteartha ag ócáid i mBaile Átha Cliath aréir. Bronnadh Gradam an Oireachtais ar an fhoilsitheoir agus scríbhneoir, Colmán Ó Raghallaigh as a shaothar do dhéagóirí. Tá úrscéalta grafacha d'ardchaighdeán scríofa agus foilsithe aige agus is minic a ainmnítear ar ghearrliosta Bistro é, ceann de na comórtais is iomráití do scríbhneoireacht na n-óg.

Ar ndóigh, is i Maigh Eo a chónaíonn an Raghallach. Bua uile-Éireann don chontae faoi dheireadh!

Ba í Anna Heussaff, Baile Átha Cliath, a thug an chraobh léi sa chomórtas d'fhicsean éadrom lena húrscéal, Bás Tobann, agus ba é Beairtle Ó Conaire as Gaillimh a bhain an chéad áit amach i bhficsean liteartha lena shaothar, Tine Ghealáin.

Bua thuaidh agus theas a bhí ann i gcúrsaí gearrscéalaíochta. Corcaíoch, Pádraig G. Ó Laighin, a bhain an chéad duais as cnuasach gearrscéalta, Idir Trá agus Lán Mara & Scéalta Eile agus Feirtseach, Fionntán de Brún, a bhain an comórtas sa phrós cruthaitheach do scríbhneoirí idir 20 agus 35 bliain d'aois le Litir ó mo Mháthair Altrama agus  Scéalta Eile.

Michael Davitt, file, a bhain duais na filíochta as a chnuasach, Seimeing Soir, agus ba é Mícheál Ó Conghaile, scríbhneoir, a bhain an comórtas do dhráma aon mhír le Jude.

Bronnadh duaischiste de bheagnach €50,000 i mbliana. Dúirt Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, go raibh sé buíoch de gach pátrún a thacaigh leo,go háirithe Bord na Leabhar Gaeilge, as airgead substaintiúil a chuir ar fáil.

Bhí toradh le feiceáil cheana féin ar an infheistíocht sin, a dúirt sé.