Bua nua do Bush

Beocheist: "Tá sé gafa againn," a dúirt gobharnóir na hIaráice, Paul Bremner, go himpiriúil agus é ag fógairt gur gabhadh Saddam…

Beocheist: "Tá sé gafa againn," a dúirt gobharnóir na hIaráice, Paul Bremner, go himpiriúil agus é ag fógairt gur gabhadh Saddam Hussein, Dé Domhnaigh. Is leir go raibh sé thar am ag fórsaí buacacha Mheiriceá dea-nuacht éigin a fhógairt.

Bhí an seansionnach i bhfolach i dtóin poill agus cuma Dhaidí Dorcha na Nollag air.

Ní fhéadfadh George Bush bronntanas Nollag níos fearr a fháil. Cuirfidh sé leis an gcreideamh bun-Chríostaí s'aige go bhfuil Dia ag éisteacht leisean, a ridire ar thalamh chun an ruaig a chur ar an "Olcas" (nó an "sceimhlitheoireacht" i nua-chaint na Crosáide).

Ní hiad lucht tacaíochta George Bush amháin a mbeidh cúis cheiliúrtha acu. Tá na mílte san Iaráic a chaill gaolta agus a d'fhulaing ciapadh agus céasadh faoi réimeas Saddam a chuir fáilte mhór roimh an nuacht. Is fada iad ag fanacht leis an deis le Saddam a chur ar a thriail as an iliomad coireanna a bhfuil sé freagrach astu.

READ MORE

Ar ndóigh, is cuma cén dearcadh a bheadh ag duine ar an gcogadh féin, ba chóir fáilte a chur roimh an nuacht go bhfuil Saddam gafa. Tá a lán coireanna in aghaidh an chine daonna déanta aige thar thréimhse inar chothaigh sé córas tíorántachta a d'fhág a phobal bocht agus faoi chois. Ní féidir dearmad a dhéanamh ar an slad a rinne sé ar an bpobal Curdach, Síeach agus ar Arabaigh na mBogach.

Cosúil le neart tíoránach, ba chladhaire é Saddam agus chonacthas é sin, go fiú i measc a lucht leanúna féin. In ainneoin an bhuaileam sciath go léir a chuala muid uaidh, ní dhearna sé fiú an oiread agus a rinne a bheirt mhac féin. Deirtear linn gur throid siadsan go dtí an deireadh agus ba scaibhtéirí iad sin. Níor scaoil Saddam oiread agus urchar amháin ar na saighdiúirí a ghabh é. Críoch neamhghlórmhar don deachtóir uaillmhianach seo. Críoch náireach don bhfear seo a bhreathnaigh air féin mar laoch cróga i dtraidisiún uasal a thíre.

D'fhéadfadh sé gurb é seo an casadh ar an mbóthar chun síochána a bhí á lorg ag na Meiriceánaigh. Is léir ar na radharcanna a craoladh ó shráideanna Bhagdad gur mheas go leor daoine go raibh saol nua tosaithe don Iaráic leis an nuacht go raibh an seansionnach gafa agus nach raibh seans dá laghad ann go dtiocfadh sé féin nó a chlann ar ais i gcumhacht.

Níl sé soiléir go fóill an ionann sin agus deireadh leis an gcogaíocht in aghaidh na Meiriceánach. Gheobhaidh muid amach an iad lucht tacaíochta Saddam a bhí taobh thiar den gcuid is mó den treallchogaíocht a bhí ar siúl nó an iad na fórsaí a tháinig isteach ó thíortha eile a bhí á stiúradh.

Gheofar amach freisin an í an eagla roimh Saddam Hussein agus a chomhleacaithe sa bpáirtí Baath a choinnigh tacaíocht an phobail ó fhórsaí Mheiriceá agus na Breataine.

Is claíomh dálannach é an bholscaireacht. Nuair a athraíonn cúrsaí go bunúsach, mar atá ó fógraíodh an scéal go raibh Saddam gafa, tagann an fhírinne chun tosaigh. Bhain cuid mhór den mbolscaireacht a tháinig ó na Meiriceánaigh leis an mbagairt ar phobal na hIaráice a bhíodh i saoirse Saddam. Feicfear anois an bhfuil rud níos bunúsaí taobh thiar den easpa comhoibrithe idir na hIaráicigh agus na Meiriceánaigh.

An fhadhb atá anois ag na Meiriceánaigh cad é a dhéanfaidh siad leis? Tá siad ag caint ar é a chur ar a thriail san Iaráic. Tá sé tábhachtach go mbeadh seans ag gaolta na mílte a maraíodh faoi réimeas Saddam go ndéanfar amhlaidh.

Ní ar son díoltais ach ar son an chirt. Ach an féidir le Saddam cothrom na Féinne a fháil ina thír féin óna mhuintir féin? Caithfear dul sa tseans go bhfaighidh. B'fhearr gurb iad a phobal féin a dhéanfadh breithiúnas air.

Má tá ciall ag na Meiriceánaigh, bainfidh siad deis as an ócáid seo chun bealach amach as an bhfaoipeach ina bhfuil siad san Iaráic a aimsiú.

Ní dhéanann gabháil Saddam leithscéal as an gcogadh a rinneadh ar phobal na hIaráice ar chúiseanna bréagacha. Ní dhéanann sé leithscéal as na daoine a maraíodh agus as na daoine a fágadh ina mbacaigh.

Más bunú an daonlathais amháin a bhí ó na fórsaí a rinne a cogadh sin, tá an clár dubh glanta anois agus cead acu imeacht agus é a fhágáil faoi mhuintir na hIaráice.

Más bunú daonlathais a bhfuil coinníollacha leis - is é sin daonlathas ar an gcoinníoll go mbeadh sé fábharach do Mheiriceá - feicfear é sin.

Is leor aon Iosrael amháin sa gceantar, a déarfadh a lán.