Cad is clann ann?

Beocheist: An teaghlach; cad is brí leis? Simplí go leor a deir tú - athair, máthair agus páistí

Beocheist: An teaghlach; cad is brí leis? Simplí go leor a deir tú - athair, máthair agus páistí. Ach tá an gnáthchruth seo ag athrú.

Le cúpla bliain anuas tá feiniméan nua againn: tuismitheoirí aonghnéasacha; is é sin le rá, beirt athair nó beirt mháthair ag clann, in áit athar agus máthar amháin.

Tá lánúin homaighnéasach ag fáil aitheantais agus cearta comhionann le cearta lánúin ar bith eile - ní nach ionadh mar sin go mbeadh siad ag iarraidh clann a thógáil le chéile ar nós lánúin ar bith eile. Ach, muna bhfuil duine ón ghnéas eile agat, ní féidir leanbh a shaolú.

Níor chuir sé sin stop le Barrie agus Tony Drewitt-Barlow, lánúin aerach ó Shasana. Cúig bliana ó shin bhain siad úsáid as deontóir uibhe agus deonmháthair le cúpla a thabhairt ar an saol agus bhí siad chomh sásta leis an phróiseas go bhfuil siad i ndiaidh leanbh eile a shaolú ar an dóigh chéanna le déanaí.

READ MORE

Bhí ar an bheirt taisteal fad le Meiriceá, áit ar bhain siad úsáid as comhlacht a chuir custaiméirí i dteagmháil le deontóirí agus máithreacha oiriúnacha.

N'fheadar cé mhéad lánúin atá i ndiaidh an tseirbhís seo a úsáid?

Tá a fhios againn go bhfuil, ar a laghad, lánúin aerach amháin ón tír seo ar éirigh leo bheith ina dtuismitheoirí ar an dóigh seo.

Ar ndóigh, ní gá le lánúin aerach dul chomh fada leis seo le páiste a shaolú. I gclár teilifíse a craoladh ar na mallaibh chonacthas beirt chara, fear agus bean, iad beirt aerach, ag iarraidh páiste a dhéanamh le chéile le cuidiú ó steallaire.

Déarfainn gur chosnaigh sé i bhfad níos lú na £20,000. Níor éirigh leo éirí torrach ach cruthaíonn sé seo nach gá go mbeadh an próiseas casta nó costasach ar chor ar bith.

Sin pointe atá an comhlacht www.mannotincluded.com ag iarraidh a chur chun cinn. Mar sin, más bean aerach (nó bean singil) tú ní gá bheith ag brath ar do chairde fir chun teacht ar speirm - ar nós gach rud eile, thig leat é a ordú ar an Idirlíon. Cuireadh tús leis an chomhlacht seo ar na mallaibh agus is seirbhís ar líne í a chuireann speirm ar fáil ar mhodh ceilte.

Níl a fhios agam cé chomh ceilteach is atá an tseirbhís seo - gach aon seans go mbeidh na páistí seo ag iarraidh bualadh le "hathair" s'acu am éigin, ach an pointe atá ann ná go dtig linn anois clann a dhéanamh nó a chruthú gan máthair nó gan athair - bhuel cineál.

Ciallaíonn an dul chun cinn seo, áfach, gur féidir leanbh a thógáil le beirt fhear nó beirt bhan mar thuismitheoirí. Agus nár chóir go mbeadh an deis ag lánúin ghrámhar chineálta bheith ina dtuismitheoirí - cuma cén treoshuíomh gnéasach atá acu?

Ach an mbeidh aon tionchar ag na tuismitheoirí "difriúla" seo ar pháistí s'acu?

Is dócha go bhfuil sé cineál luath a rá mar go bhfuil an cineál seo teaghlaigh cuíosach nua sa tsochaí. Ach is féidir linn breathnú ar na Drewitt-Barlows mar shampla. Dad agus Daddy, sin a ghlaonn páistí s'acu orthu. Déanann an bheirt gach uile iarracht rudaí a mhíniú dá bpáistí - tá grianghrafanna acu de mháthair bhitheolaíoch s'acu ach is dócha go bhfuil siad ró-óg go fóill leis an choincheap seo a thuiscint.

Tá an eagla ann go mbeidh fadhbanna acu le teaghlach s'acu a mhíniú dá gcairde ar scoil nó b'fhéidir go mbeadh sochaí níos oscailte againn i gceann cúpla bliain.

Dála an scéil, tá cónaí ar na Drewitt-Barlows sa Spáinn anois. Bhí orthu a mbaile i Sasana a fhágáil tar éis bagairt bháis ó ghrúpa Críostaíochta.

Ag fágáil barúlacha daoine eile i leataobh, b'fhéidir gur chóir breathnú ar an cheist seo - an mbeidh páistí ó chlann aonghnéasach ag fulaingt mar gheall ar easpa máthar nó easpa athar?

Tá na céadta clann aon tuismitheora ann agus fásann formhór na bpáistí seo suas gan fadhb ar bith. Ar chóir go mbeadh muid imníoch faoi cé atá ag tógáil páiste má tá sé soiléir go bhfuil na tuismitheoirí sin ábalta grá agus aire cheart a thabhairt don pháiste?

B'fhéidir go gcuirfeadh na páistí seo níos mó ceisteanna faoi chaidreamh tuismitheoirí s'acu ach seo rud maith, nach ea? Ar a laghad, beidh caidreamh níos oscailte sa chlann ina hiomlán, rud atá in easnamh ó neart clanna sa tsochaí seo.

Ar aon nós, feicim teaghlaigh le tuismitheoirí aonghnéasacha mar dhul chun cinn agus is dócha nach feiniméan a bheas iontu i gceann cúpla bliain ach cuid eile den tsochaí.

Is taighdeoir sinsearach le UTV í Áine Ní Chosgráin