Caint an cheannair Alan Titley Crobhingne

Labhair an ceannaire lena chuid géillseanach agus lena chuid giollaí

Labhair an ceannaire lena chuid géillseanach agus lena chuid giollaí. Is iad a bhí bailithe timpeall ar an raidió d'fhonn éisteacht lena chuid gaoise don athbhliain ar lá speisialta na síochána. Leath a mbéal le hiontas ar chloisint thuin álainn a chuid cainte, agus d'oscail siad a scairt nuair a thit na focail aoibhne chucu ceann ar cheann: "A phobal liom, agus a dhaoine a ghealann Mo chroí, is amhlaidh go bhfuil bliain úr buailte umainn. Bliain nua gan aon agó ina bhfuil na féidearthachtaí ag feitheamh linn.

"Athbhliain a thabharfaidh solas isteach sa saol agus ina mbeimid níos fearr as ná mar a bhíomar riamh cheana. Bliain eile ina mbeidh na cianóga id phóca níos raimhre agus níos iomadúla ná mar a bhí siad riamh roimhe seo.

"Is ea, is bliain fhriseáilte atá romhainn amach, agus ní seanbhliain. Tá an bhliain seo caite thart agus tá sí fós ag imeacht uainn. Baineann an bhliain seo caite leis an am a d'imigh, agus baineann an bhliain seo chugainn leis an am atá le teacht. Cé go gcaithfimid ómós a thabhairt don am atá thart, ní féidir linn maireachtaint ann. Bíodh sé ina sholas againn, ach ná bíodh sé ina cloch timpeall ar ár muineál. Is geal linn an aimsir chaite, ach is gile linn an aimsir atá anois ann. Is í an aimsir atá anois ann an aimsir a mairimid ann, agus is í an aimsir atá amach romhainn an aimsir a mairfidh sliocht ár sleachta ann. Agus is iad sliocht ár sleachta an todhchaí. Is iad na páistí sliocht ár sleachta agus is iad ár bpáistí na seoda is luachmhaire atá againn. Mol an óige agus tiocfaidh sí.

"Ar an ócáid áirithe seo, is ceart agus is cuí go bhféachfaimis chun tosaigh ar an ród atá romhainn. Níor cheart agus níor chóir féachaint i ndiaidh ár gcúil ar an aimsir atá caite. Beidh an bhliain seo chugainn cinniúnach dúinn féin, dár náisiún, agus don domhan trí chéile ach breith ar an uain cheart agus an deis a thapú agus gan ár leas a ligean ar cairde. Beidh sí cinniúnach ar shlite nach eol dúinn agus ar bhealaí nach bhfuil nochtaithe fós. Ach beidh sí cinniúnach mar is amhlaidh go bhfuilimid ag an gcrosbhóthar. Agus ag an gcrosbhóthar seo tá rogha againn dul ar aghaidh go dtí soilse na gealchathrach atá romhainn amach, nó dul siar go dtí na drochlaethanta dorcha.

READ MORE

"A shaoránaigh, a chairde, a chomharsana agus a dhaoine muinteartha, tá mé ag caint libh inniu mar gheall ar na himeachtaí sin atá ina gcúis bhuartha dúinn an t-am ar fad, agus a bhfuil machnamh fada domhain déanta agaibh orthu i gcaitheamh na bliana. Tá an machnamh fada domhain céanna sin déanta Agamsa agus ag an Rialtas orthu, agus is mó é Ár gCrá dá réir. Tuigim go maith go bhfuil tuairimí éagsúla sa phobal mar gheall ar na hábhair bhuartha sin agus tagaim leis na tuairimí éagsúla sin. Cuid agaibh ar a son, cuid eile ina n-aghaidh, agus cuid eile fós nár theagmhaigh siad libh. Mo lámh agus M'fhocal air go bhfuil an bhuairt chéanna Ormsa, agus go mbeidh Mo dhícheall á dhéanamh Agam agus ag an Rialtas chun na fadhbanna seo a réiteach go cothrom, agus go cóir, agus ar shlí nach gcuirfidh as do dhuine ar bith.

"Níl ann ach an ceart go mbeadh na tuairimí seo againn ar lá seo na síochána. Cuimhnímis ar ár gcuid saighdiúirí atá ag troid ar son na síochána agus ar son na saighdiúirí eile atá ag troid ar son na síochána in aghaidh ár gcuid saighdiúirína.

"Is beag rud is beannaithe ná an tsíocháin, agus ní hé seo an t-am le haon rud a rá a chuirfeadh isteach ar chlár réidh cothrom sin na síochána. Is é seo an t-am le féachaint ar aghaidh, agus an searbhas agus an drochrún a chur i leataoibh. Caithfimid breith ar an uain chun a bheith forásach agus liobrálach agus oscailte agus carthanach agus tuisceanach agus dul-chun-cinniúil ar bhealach a thógfaidh isteach san aimsir fháistineach sinn.

"Go deimhin, ní miste a rá gur cheart dúinn droichead a thógaint idir an aimsir atá thart agus an aimsir atá romhainn. Droichead é sin a mbeidh gach duine in ann a thrasnú, droichead leathan ina mbeidh spás ann do chách, droichead láidir nach mbeifear in ann é a leagadh ná a lagú.

"Tús nua is ea an bhliain seo dá lán againn. Tús nua is ea é do na bochtáin nach bhfuair ceart cothrom fós inár measc, agus tús nua is ea é do na fiontraithe cróga sin a bheathaíonn an eacnamaíocht. Tús nua is ea an bhliain úr don mheánaicme atá ag fulaingt faoi chánacha troma, agus tús úr is ea an bhliain nua do..."