'Caithfidh an Rialtas gníomhú ar chás MFG' - Ó Cuív

TUARASCÁIL: NÍ FOLÁIR don Aire Comhshaoil Phil Hogan “gníomh díreach” a dhéanamh chun na seirbhísí pobail a bhí á maoiniú ag…

TUARASCÁIL:NÍ FOLÁIR don Aire Comhshaoil Phil Hogan "gníomh díreach" a dhéanamh chun na seirbhísí pobail a bhí á maoiniú ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG) a thabhairt slán, a dúirt iar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, leis an cholún seo.

Cailleadh isteach is amach ar 130 post Dé Céadaoin seo caite nuair a tháinig fógra gan choinne ó bhord Mheitheal Forbartha na Gaeltachta go raibh an eagraíocht forbartha pobail le scor, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Dúirt Ó Cuív nár chóir glacadh leis go raibh a rás rite ag MFG agus gur “chúis iontais” dó nach raibh Hogan i láthair ag cruinniú Dé hAoine seo caite faoin scéal go raibh MFG tar éis éirí as a bheith ag trádáil.

“Teastaíonn gníomhaíocht dhíreach agus láithreach ón Aire Comhshaoil chun na seirbhísí ar fud na Gaeltachta a bhí faoi chúram MFG a thabhairt slán agus chun na daoine atá ag brath ar na seirbhísí sin a chosaint.

READ MORE

“Is ag an Aire atá an chumhacht sa chás seo agus is cúis iontais dom nach raibh sé i láthair ag an gcruinniú idir oifigigh a Roinne, pobal agus bord MFG Dé hAoine,” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt sé gur cheart saineolaí a cheapadh go heatramhach le cabhrú le MFG dul ar ais i mbun oibre sa ghearrthréimhse.

Dúirt sé go ndeachaigh bord MFG “thar fóir” nuair a ghlac siad cinneadh ar chúinsí airgeadais éirí as a bheith ag trádáil gan dul i gcomhairle le creidiúnaithe na heagraíochta:

“Ba chóir don Aire treoir a thabhairt sna laethanta amach romhainn go gceapfaí duine ón dtaobh amuigh chun dul isteach go MFG agus cuidiú leo na fadhbanna atá acu a réiteach.

“Tá daoine ann a bhfuil an saineolas sin i ndea-chleachtas riaracháin agus bainistíochta acu chomh maith le tuiscint ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht.

“Caithfear an cheist maidir le soláthar na seirbhísí seo san fhadtréimhse a réiteach ach, idir an dá linn, ba cheart go rachadh MFG ar ais i mbun oibre.”

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, ag deireadh na seachtaine seo caite nach raibh aon “réiteach simplí” ann i gcás dhúnadh MFG.

I ráiteas a d’eisigh sé an tseachtain seo caite, dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) go raibh ceisteanna le freagairt faoi na deacrachtaí a bhí ag MFG le blianta beaga anuas.

“I bhfianaise an chasadh is deireanaí seo sa scéal ní mór don bhord míniú a thabhairt ar céard a bhí ar bun acu le blianta anuas. Ach, is í an chloch is mó ar ár bpaidrín ar dtús ná leanúnachas a dheimhniú don dream a bhí ag fáil maoinithe ón gcomhlacht agus do na fostaithe túslíne,” a dúirt Ó Clochartaigh.

Bhí 34 duine fostaithe go lánaimseartha ag MFG agus bhí suas le 100 duine eile fostaithe ar scéimeanna agus ar chláracha a bhí maoinithe ag an eagraíocht.

I ráiteas a d’eisigh an Roinn Comhshaoil Dé hAoine dúradh go leanfaí leis an bplé le páirtithe leasmhara d’fhonn teacht ar shlite eile chun na seirbhísí a sholáthar.