Cathaoirleach ceaptha

Tá stiúrthóir Oideas Gael, Liam Ó Cuinneagáin, ceaptha ina Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta

Tá stiúrthóir Oideas Gael, Liam Ó Cuinneagáin, ceaptha ina Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta. Tagann sé mar chomharba ar Thadhg Ó hÉalaithe.

I bpreasráiteas, thug Ó Cuinneagáin le fios gurbh "aitheantas ar leith é don obair atá ar siúl againn ar feadh na mblianta i gceantar imeallach Gaeltachta agus beidh an taithí agus scileanna atá sealbhaithe agam á n-iompar liom go dtí mo chúraim úra.

"Tá mé ag súil go mór le bheith gníomhach in obair fhiúntach Údarás na Gaeltachta, eagraíocht ag a bhfuil Bord díograiseach agus feidhmeannas proifisiúnta a bhfuil taithí na mblianta acu.

"Geallaim go ndéanfaidh mé mo dhícheall sa chúpla bliain romham an neart agus fuinneamh atá san Údarás a choinneáil agus a dhaingniú."

READ MORE

Ba i nGleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall, a rugadh Ó Cuinneagáin. Cháiligh sé mar mhúinteoir bunscoile agus bhunaigh sé an foras oideachais, Oideas Gael, ina cheantar dúchais féin.

Bhí baint aige le hOireachtas na Gaeilge agus le mórán eile fiontar teanga.