Cead mile failte

Crobhingne: Céad míle fáilte, céad míle corpán

 Crobhingne: Céad míle fáilte, céad míle corpán. Céad míle saighdiúir eachtrannach ag tuirlingt sa tSionainn ar a slí chun páirceanna an áir; céad míle fear, bean agus leanbh nár dhein dochar d'fhéileacán ná d'fheithid a bhfuil a mbeatha múchta; céad míle cupán tae uainne, céad míle míle cupán fola ólta ag daoine gan ainm, ag daoine gan anam.

Ach nach cuma? Soláthraíonn sé airgead dúinne, cuireann sé fostaíocht ar fáil agus coinníonn sé daoine ón tsráid. Níl ann, tar éis an tsaoil, ach gnó.

Tugtar ar ais chun tailimh é. Cuir i gcás go bhfuil teach agamsa agus go dtagann scata, nó abair duine amháin, aon ghadaí aonair amháin an treo. Tá a fhios agam gur gadaí é mar tá éadaí an ghadaí á chaitheamh aige. Agus tá a fhios agam gur dúnmharfóir é mar tá gunnaí agus pléascáin agus roicéid agus buamaí ollscriosmhara aige ag gobadh as a phóca amach.

"Féach," ar seisean, "tá teach deas eile ansin thoir ar bun an bhóthair, agus tá cabáiste glas fliuchmhar álainn ag fás ann. Ba bhreá liom smut de. Nó é ar fad, b'fhéidir. Ní duine ródheas é fear an tí, áfach, cé go raibh mé an-mhór leis tamall. Déanann sé a chuid páistí a bhualadh. Caithfidh mé dul agus ceacht a mhúineadh dó."

READ MORE

"Ach tá mórán daoine eile sa teach," adeirimse go maol, "cairde agus deartháireacha. Agus, ó, ar eagla go ndéanfainn dearmad air, a chuid ban agus páistí."

"Ara, a fhir bhig úd thall," ar seisean, "níl sa mhéid sin ach mionsonraí. Cuimhnigh ar an scéal mór. Ná bí ag dúrmhachnamh. Ní féidir ubhóg a dhéanamh gan na huibheacha a bhriseadh, tá a fhios agat, damáiste fan an bhealaigh, agus mar sin de."

"Ceart go leor," arsa mise go mánta, "ach cad tá ann domsa? Tá mac liom dífhostaithe agus tá m'iníon ag obair ar airgead suarach sa siopa áitiúil."

"Ó, gheobhaidh tusa do chuid íocaíochta ceart go leor. Ach an fiú leat ort é?. Tá sparán teann agamsa, agus is teinne fós a bheidh sé ach an cabáiste a fháil."

"Ach tá deacracht eile agamsa," arsa mise mé féin féinig féineach, "is amhlaidh gur maith liom a bheith mór le cách. Dhíolainn féin cúpla coinín le mo dhuine thoir, agus théadh mo mhac eile ar cuairt chuige chun snas a choimeád leis na troscáin. Níor mhaith liom go rachadh an scéal amach rófhairsing go raibh mé ag tabhairt aíochta duitse."

"Ná bac sin," arsa mo dhuine, "ní bheifear ag déanamh gártha cnáide fút. Abair liomsa go bhfuil tú liom, agus abair leo siúd go bhfuil tú leo siúd. Tá fachta amach agamsa go slogann daoine gach a ndeirtear leo. Go háirithe nuair is chun a leasa féin a bhíonn. Ba neamhghnáth dhuit é."

"Agus b'fhearr liom, leis," arsa mise arís go cúthail, "nach marófaí a chuid ban, páistí, leanaí óga sa chliabhán, malraigh scoile, fir scothaosta insa seomra uachtair, an t-ógánach ar a phaidreacha sa seomra suite, an cailín lena bábóg, an duine go síochánta ar an leithreas amuigh sa chlós, a dheirfiúr atá ar a leaba luí seoil..."

Rinne sé scairteadh mór gáire a bhain ramsach as an teach agam féin.

"Cén fáth a bhfuil tú buartha faoi sin? Cé hiad siúd duitse ar aon tslí? Agus, féach, i ndeireadh na feide, agus is é deireadh na preibe a bheidh ann dá lán, cá mbeidh an fhianaise? Leagfaidh mé an teach más gá, ní fhágfar bríce dearg ar bhríce dearg againn. Ní ligfidh mé na gardaí ná an coiste paróiste in aice na háite. Cé aige a mbeidh a fhios? Cé aige ar cuma leis? Cé a shilfidh deoir? An tuáille nach mbaineann leat ná bain dó..."

Ní móide go ndéanann an gnáthdhuine aon cheangal rómhór idir na buachaillí deasa glanbhearrtha milisbhriathracha a ghabhann tríd an tSionainn agus na hamhais bharbartha atá ag marú na neamhchiontach ina slaoda gach seachtain.

Laistiar de na fiacla geala úd tá béist réidh ullamh lena scaoileadh den éill. Dá ndéanfaí an ceangal, b'fhéidir go mbeadh níos mó dífostaíochta ar dhroim an Tíogair agus níos lú deora á sileadh isteach sa Tigris.

Dá ndéanfaí an ceangal b'fhéidir go rithfí an chéad toghchán eile ar phraghas na fola seachas ar phraghas na dtithe. Dá ndéanfaí an ceangal b'fhéidir go gcaithfí vótaí amach anseo ar chostas an bháis thall seachas ar chostas na beatha abhus. An gaire do Florida nó do Falluja sinn?

Céad míle fáilte againne dóibh siúd agus postanna dá réir; céad míle corpán an táirge.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar