Céad na Rinne

Bhí tús beag simplí ag Coláiste na Rinne, Co Phort Láirge, nuair a chuir Pádraig Ó Cadhla, duine den chúigear bunaitheoirí, clár…

Bhí tús beag simplí ag Coláiste na Rinne, Co Phort Láirge, nuair a chuir Pádraig Ó Cadhla, duine den chúigear bunaitheoirí, clár dubh in airde in aice leis an gcaladh i 1905, a scríobhann Catherine Foley.

"Thóg sé blúire cailce as a phóca agus thosaigh sé ag múineadh léamh agus scríobh na Gaeilge do mhuintir na háite. As an síol sin a d'fhás an coláiste atá againn inniu," a dúirt an tAthair Edmond Ó Cuilleanáin, sagart paróiste na Rinne agus an tSean-Phobail. Bhí sé ag labhairt ar Aifreann speisialta i bPort Láirge an Satharn seo caite, ócáid ar ar fhreastail an tUachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa, le comóradh an chéid a cheiliúradh.

I ndiaidh an Aifrinn le hEaspag Phort Láirge, an Dochtúir Liam Ó Laoi, bhailigh muintir an pharóiste agus go leor iar-dhaltaí le chéile sa halla céilí chun aitheasc an Uachtaráin a chloisteáil.

"Chuir sibh oideachas lán-Ghaeilge ar an aos óg san am nár shíl mórán daoine go raibh sé faiseanta nó gurbh fhiú é a dhéanamh," a dúirt an tUachtarán. "Ghin sibh grá don Ghaeilge i nglúin i ndiaidh glúine den mhuintir óg; choinnigh sibh an lóchrann lasta in am an dorchadais agus tá mé féin agus muintir na hÉireann buíoch díbh as sin.

READ MORE

"Tá áit ar leith ag caomhnóirí na teanga i stair na hÉireann agus i gcroí na nGael. Tréaslaím bhur gcomóradh libh agus go maire sibh céad eile."