Ceiliúradh cluana

D’FHÓGAIR Ard-Mhéara Chathair Bhaile Átha Cliath, an Comhairleoir Naoise Ó Muirí, tús le ceiliúradh 40 bliain a bhunaithe ag …

D’FHÓGAIR Ard-Mhéara Chathair Bhaile Átha Cliath, an Comhairleoir Naoise Ó Muirí, tús le ceiliúradh 40 bliain a bhunaithe ag Pobal Chluain Tarbh ag fáiltiú a reáchtáladh aréir in Óstán Chaisleán Chluain Tarbh, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Thréaslaigh sé le Pobal Chluain Tarbh as ucht na hoibre deonaí a bhí ar siúl go leanúnach ag a bhaill ar mhaithe le gnáthúsáid na Gaeilge a fhorbairt sa bhruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath agus as ucht nascanna a chothú le pobail Ghaeilge eile ar fud na tíre.

Thagair sé don réimse leathan imeachtaí a reáchtáladh le linn an dá scór bliain agus a dhírigh ar gach gné de shaol na muintire.

Mhol Ó Muirí go speisialta Éigse Chluain Tarbh, féile phobail Ghaeilge a bhíonn ann gach Deireadh Fómhair. Ghuigh sé gach rath ar éigse na bliana seo a bheadh ar siúl idir an Domhnach 21ú agus an Domhnach 28ú na míosa seo.

READ MORE

Beidh béim ar ranganna Gaeilge, caidreamh, ceol, rince, cluichí agus saibhreas dúlra na dúthaí seo cois cuain.

Seachtain ón lá amárachin Áras Chluain Tairbh, Bóthar Ghort na Mara ag 8pm tabharfaidh an tOllamh Annraoi de Paor léacht na héigse faoi Edmund Edward Fournier d’Albe, Gaeilgeoir agus Innealtóir.

Eolas: pobalchluaintarbh@gmail.com

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times