Ceim oinigh

Bhronn Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, céimeanna oinigh ar Dhiarmuid Breathnach agus ar Mháire Ní Mhurchú, údair na sraithe, Beathaisnéis…

Bhronn Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, céimeanna oinigh ar Dhiarmuid Breathnach agus ar Mháire Ní Mhurchú, údair na sraithe, Beathaisnéis, Dé hAoine seo caite.

Dochtúireacht le Léann Ceilteach a bronnadh ar an bheirt as an obair mhór a rinne siad ag carnadh eolais ar phobal na Gaeilge.

Tá breis agus 20 bliain caite acu ar thaighde agus ar fhoilsiú na sraithe, bailiúchán cuimsitheach ar dhaoine a thacaigh le caomhnú na teanga.

Tá cur síos ar níos mó ná 1,000 duine a ghlac páirt in Athbheochan na Gaeilge le fáil sna himleabhair éagsúla. Tá corpus imleabhar foilsithe cheana ó 1560 go dtí 1982 agus imleabhar ó 1982-2002 le teacht.