Ceist aistritheoiri

Mí Iúil seo chugainn beidh dualgas ar an Stát gach píosa reachtaíochta a fhoilsiú i nGaeilge ag an tráth céanna agus a fhoilsítear…

Mí Iúil seo chugainn beidh dualgas ar an Stát gach píosa reachtaíochta a fhoilsiú i nGaeilge ag an tráth céanna agus a fhoilsítear i mBéarla é, de réir Alt 7 de Acht na dTeangacha Oifigiúla, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Sa bhliain 2007 tá aistritheoirí na Bruiséile ceapaithe leagan Gaeilge de reachtaíocht na hEorpa a chur ar fáil ag an am céanna agus a chuirfear ar fáil i dteangacha eile í.

An mbeidh go leor aistritheoirí le hardchaighdeán Gaeilge scríofa acu ar fáil chun an obair seo a dhéanamh gan trácht ar leagan Gaeilge a chur ar fáil de thuarascálacha agus cháipéisí eile comhlachtaí stát-urraithe?

Cé atá chun a chinntiú go mbeidh na daoine a thabharfaidh faoi obair aistriúcháin oilte sa cheird?

READ MORE

Cé go bhfuil obair aistriúcháin d'ardchaighdeán ar siúl ag comhlachtaí agus daoine aonair, tá míshásamh léirithe faoi chaighdeán cuid den aistriúchán atá á dhéanamh.

Ag comhdháil i nGaillimh cúpla mí ó shin thug Fearghal Ó Béarra, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, samplaí den aistriúchán a rinneadh ar cháipéis stáit a bhí breac le botúin. Is léir go bhfuil géarghá le córas chun cumas na ndaoine a bheidh ag dul don aistriúchán a mheas

Ar iarratas an Aire Éamon Ó Cuív tá córas creidiúnaithe d'aistritheoirí á fhorbairt ag Foras na Gaeilge. Mar chéad chéim chun iad a thástáil déanfar scrúdú a eagrú i mí Feabhra agus ar bhonn tráthrialta ina dhiaidh sin.

Tá painéal á chur le chéile chun an tástáil a dhéanamh agus, chun earnáil an aistriúcháin a chur ar an eolas faoin chóras, beidh seimineár ar siúl i gceannáras Fhoras na Gaeilge maidin Dé hAoine seo chugainn.

Duine de na cainteoirí ag an seimineár is ea Gearóid Ó Casaide, Stiúrthóir Rannóg an Aistriúcháin i dTeach Laighean.

Agus é ag caint le Tuarascáil dúirt sé go raibh sé deacair faoi láthair painéal aistritheoirí le caighdeán Gaeilge ard go leor chun obair an Oireachtais a dhéanamh a chur le chéile.

Bhí trí chomórtas ann le cúig bliana anuas agus cé gur éirigh leo na folúntais a bhí ar an fhoireann a líonadh theip orthu painéal a chur le chéile. Mar sin féin tá sé dóchasach go n-éireoidh leo "de réir a chéile" go leor aistritheoirí a fháil.

Tá dhá chúrsa san aistriúchán feidhmeach ar siúl faoi láthair in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Gaillimh agus thart faoi 24 duine ag freastal ar an dá chúrsa le chéile.

Ní fios go fóill an aithneoidh an painéal atá á chur le chéile ag an Fhoras teastas lucht na gcúrsaí seo nó an mbeidh orthu an scrúdú a dhéanamh chun séala creidiúnaithe a fháil.