Ceist Cheilteach

SEOLFAIDH an tOllamh Liam Mac Mathúna, UCD, cnuasach aistí, Logainmneacha/Place-names (Everson Gunn, €35) amárach ag 7

SEOLFAIDH an tOllamh Liam Mac Mathúna, UCD, cnuasach aistí, Logainmneacha/Place-names (Everson Gunn, €35) amárach ag 7.30pm in An Siopa Leabhar, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath.

Is í Marion Gunn, taighdeoir, a chuir eagar ar an leabhar agus tá aistí i mBéarla ar chúrsaí logainmneacha sna tíortha Ceilteacha ann. Is í a dúil go bhfeidhmeoidh an leabhar mar uirlis taighde agus mar threoirleabhar tagartha taistil.

Ar thionól ar chúrsaí logainmneacha a reáchtáil an Chomhdháil Cheilteach i Sligeach sa bhliain 2009 a bhí an t-ábhar bunaithe, a dúirt Gunn: “Ar ghnáthléitheoirí, mar atá, ar ghnáthbhaill den Chomhdháil Cheilteach, a bhí na léachtanna bunaidh dírithe, ach thug próiseas tiomsaithe an leabhair deis do lucht scríofa na n-aistí dul isteach níos doimhne sa scéal agus ábhar eile taighde a phlé”.

Bhí mórán leabhar faoi logainmneacha i gcló cheana féin ach “go bhfios domsa, níor féachadh riamh roimhe seo ar logainmneacha na dtíortha áirithe lena mbaineann a thabhairt le chéile faoi aon chlúdach amháin ar bhealach a fhónann don tuata tuisceanach i mbun taistil, chomh maith céanna is a fhónann do lucht taighde ollscoile”.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times