Ceist oileain

Beidh Ceiliuradh an Bhlascaoid ar siul idir an Aoine 10u agus an Domhnach 12u, Deireadh Fomhair in Ionad an Bhlascaoid, Tra Li…

Beidh Ceiliuradh an Bhlascaoid ar siul idir an Aoine 10u agus an Domhnach 12u, Deireadh Fomhair in Ionad an Bhlascaoid, Tra Li, Co Chiarrai.

Is é 'Tréigean an Oileáin' téama na bliana. Beidh scannáin, léachtaí agus seoladh leabhair le linn an deireadh seachtaine. Ar na cainteoirí, beidh príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seosamh Mac Donncha, agus beidh Máiréad Ní Loinsigh, léachtóir ar Choláiste Ollscoile Chorcaí ag caint ar 'Ról na mBan sa Tréigean'. Labhróidh Donald Murray ó Oileán Benbecula, Albain, ar 'The Life and Death of St. Kilda'. Eolas: 066-9156444

  • SEOLFAIDH an Seanadóir Joe O'Toole Ón gCeann go Peann agus Bunús na Ríomhaireachta sa Díseart, an Daingean, Co Chiarraí, Dé Sathairn ag 11 a.m.

Tá an leabhar saothair Ón gCeann go Peann dírithe ar chainteoirí dúchais Gaeilge ar mhaith leo feabhas a chur ar léamh agus ar scríobh na Gaeilge. Is iad Aoife Ní Chonchúir agus Úna Nic Gabhann na húdair.

Is treoirleabhar é Bunús na Ríomhaireachta do theagascóirí a bheadh ag múineadh bunchúrsa sa ríomhaireacht d'fhoghlaimeoirí fásta litearthachta, do lucht VTOS, do lucht FÁS. Is í eagarthóir Bhreacadh, Nóilín Ní Iarnáin, a scríobh.