Ceist raidio

'Críochnóimid suas an clár anois le hamhrán ó X

'Críochnóimid suas an clár anois le hamhrán ó X." Má ghlactar leis na na nathanna cainte atá sa leabhrán beag Nathanna Cainte don Raidió, a sheol Seosamh Mac Donncha, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath inné, ní chloisfear an abairt sin níos mó ag deireadh chlár raidió, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

"Cuirimis clabhsúr leis an gclár le X," a mholtar sa leabhrán seo atá curtha le chéile ag Proinsias Ó Donncha, Raidió Chill Choinnigh agus ball den Choiste Comhairleach um Chláracha Gaeilge a bhunaigh an Coimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách i gcomhair le Foras na Gaeilge.

Bliain go leith ó shin a d'fhoilsigh an Coiste Comhairleach tuarascáil "Cláracha Gaeilge in Earnáil na gCláracha Neamhspleácha" agus i measc na moltaí a rinneadh sa tuarascáil bhí an moladh go gcuirfí gluais téarmaí ar fáil.

Téarmaí an-bhunúsacha atá sa leabhrán a bheadh ina n-áis ag láithreoir a bheadh ag iarraidh cúpla abairt Ghaeilge a chur isteach i gclár Béarla, bíodh sé ina chlár spóirt, ina chlár ceoil nó ina chlár faoi chúrsaí creidimh.

READ MORE

Tráthúil go leor tá liosta gearr téarmaí a bheadh ag teastáil aimsir thoghcháin.

Leabhrán beag slachtmhar atá ann agus cuideoidh na dathanna éagsúla le craoltóirí a bhíonn faoi bhrú (agus cén craoltóir nach mbíonn) é a úsáid.

Moladh eile a bhí sa tuarascáil sin is ea go gceapfaí oifigeach lánaimseartha a chabhródh leis na stáisiúin neamhspleácha cláir Ghaeilge a chur ar fáil.

Tá tús curtha cheana ag Fionnuala Mac Aodha, bainisteoir Raidió na Life, le tiomsú bunachar sonraí ina bhfuil ainmneacha cainteoirí Gaeilge agus eolas eile, a bheadh ina áis chun clár Gaeilge a chraoladh.

Beidh an dualgas ar an chomhordaitheoir nuacheaptha an fhaisnéis a choimeád suas chun dáta.

Tasc deacair a bheidh ag an chomhordaitheoir tathant ar an iliomad stáisiún atá i mBaile Átha Cliath anois clár Gaeilge a chur ar an aer.

Caint amháin atá ar an stáisiún nua Newstalk ar cuireadh tús leis coicís ó shin agus bíodh go gcraoltar an nuacht gach 20 nóiméad níor chualathas mír i nGaeilge go dtí seo.

Bíonn cláir Ghaeilge go rialta ar Near FM, ar Anna Livia agus ar an raidió pobail Phoenix FM. Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath is iad Clare FM, Raidió Chill Choinnigh agus Raidió Chiarraí na stáisiúin is fearr chun cláir Ghaeilge a chraoladh.