Ceisteanna fos faoin fhocloir Bearla-Gaeilge

Cuireadh críoch le céim a haon den obair ar an Fhoclóir nua Béarla-Gaeilge ar 31ú Deireadh Fómhair, an dáta a bhí socraithe nuair…

Cuireadh críoch le céim a haon den obair ar an Fhoclóir nua Béarla-Gaeilge ar 31ú Deireadh Fómhair, an dáta a bhí socraithe nuair a síníodh an conradh idir Foras na Gaeilge agus an comhlacht, Lexicography Master Class, i mí Iúil 2003, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is é an príomhghnó a bhí le déanamh le linn céim a haon den obair ná 50,000 ceannfhocal Béarla a roghnú, an struchtúr agus stíl na n-iontrálacha a shocrú agus na táirgí ríomhaireacha a bheadh ag teastáil chun an foclóir a thiomsú a chur ar fáil agus chosain sé €780,000.

Dúirt bainisteoir an tionscadail, Seosamh Ó Murchú, nár íocadh an sciar deireanach den airgead go fóill mar go raibh "cúpla mionrud le glanadh suas" ach go bhfógrófaí san Iris Oifigiúil go luath go mbeifí ag lorg tairiscintí do chéim a dó ag tús 2005. Na hiontrálacha a scríobh, eagar a chur orthu agus an foclóir féin a chur ar fáil i bhfoirm chlóite agus i bhfoirm leictreonach atá i gceist le céim a dó.

Beifear ag súil go ndéanfar athbhreithniú ar an 49,500 ceannfhocal a roghnaíodh i gcéim a haon agus go gcuirfear leis an chorpas Gaeilge. Comórtas oscailte a bheidh ann, a dúirt Ó Murchú, ach in ionad conradh a shíniú le haon chomhlacht ar leith, tabharfar cuireadh do dhaoine, nó do ghrúpaí a bhfuil spéis acu i réimsí áirithe den obair, cur isteach ar an réimse sin.

READ MORE

Mar shampla, d'fhéadfadh daoine nó duine cur isteach ar thiomsú thaobh an Bhéarla den tionscadal agus grúpa eile ar riarachán nó ar bhainistiú airgeadais an tionscadail.

Tá €3,120,000 ar fáil chun an foclóir a sholáthar agus beifear ag súil go gcuirfidh iarratasóirí ar na réimsí éagsúla "meastúchán sách mion" ar fáil.

Dúirt Ó Murchú go bhféadfadh buntáiste bheith ag na daoine a bhí ag obair ar chéim a haon den tionscadal sa chomórtas le haghaidh céim a dó ach dúirt sé go mbeadh na táirgí ríomhaireachta ar fáil do dhream ar bith a bheadh ag smaoineamh ar chur isteach air.

Tuigtear do Thuarascáil, ó bheith ag caint le saineolaithe foclóireachta, go mbeidh sé an-deacair an modh oibre atá beartaithe ag Foras na Gaeilge le haghaidh céim a dó a chur i bhfeidhm. "Cad chuige a bhfuil siad ag cur comórtais ar bun?" an cheist a bhí ag saineolaí amháin. "Má bhí siad sásta leis an obair a rinneadh i gcéim a haon cén fáth nach ligeann siad do na daoine céanna dul ar aghaidh le céim a dó?"

Ag glacadh leis go gcuirfidh grúpaí éagsúla isteach ar réimsí éagsúla den obair, beidh sé an-deacair comhordú a dhéanamh orthu. Agus ag cur san áireamh gur thóg sé breis agus bliain chun eagarthóirí Gaeilge a cheapadh le haghaidh céim a haon, a bhí chun sástachta an choiste roghnaithe a cheap an Foras, ní fios cén fad a thógfaidh sé foireann a chur le chéile chun tabhairt faoi thaobh na Gaeilge de chéim a dó.

Tá roinnt ceisteanna a bhaineann le tiomsú an fhoclóra nach bhfuil réitithe go fóill. Foclóir corpas-bhunaithe a bheidh ann, is é sin, go mbainfear leas as corpas mór focal Béarla agus Gaeilge chun na samplaí is fearr agus is minice d'úsáid focail a fháil.

Ach ní fios go fóill an bhfuil sé i gceist an ghramadach agus an litriú a leagadh síos sa Chaighdeán Oifigiúil (1958) a chur i bhfeidhm ar na samplaí sin.

Tá ceist airgeadais ann fosta. Creideann saineolaithe áirithe nach leor an €3.9 milliún a cheadaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas don tionscadal seo i 2001 chun an obair a chur i gcrích mar ba cheart.