Cen heileacaptar?

Bhí fógra de chuid an Roinn Sláinte i dTuaisceart Éireann ar na páipéir le deireanas agus iad ar lorg: Staidéar Féidearachtaí…

Bhí fógra de chuid an Roinn Sláinte i dTuaisceart Éireann ar na páipéir le deireanas agus iad ar lorg: Staidéar Féidearachtaí ar Sheirbhís Éigeandála Míochaine Ingearáin.

Go hádhúil, bhí an fógra céanna i mBéarla taoibh leis. Dúradh go raibh an Roinn ar lorg: Feasibility Study on a Helicopter Emergency Medical Service.

Tá an colúnaí seo ag iarraidh fáil amach go fóill cén focal a chiallaíonn "héileacaptar" sa leagan Gaeilge.

Fáilte roimh fhreagraí ar chárta poist.