Cen leann?

'Cúig dhán ar chúrsa Ghnáthleibhéal na hArdteistiméireachta agus cúig shliocht próis

'Cúig dhán ar chúrsa Ghnáthleibhéal na hArdteistiméireachta agus cúig shliocht próis. Ocht ndán ar an gcúrsa Ardleibhéil ... I gcás 90 faoin gcéad de na daltaí a dhéanann an scrúdú, sin é an teagmháil deiridh a bhíonn acu le litríocht na Gaeilge." Sin a dúirt an tOllamh Breandán Ó Buachalla agus é ag caint ag Scoil Gheimhridh Merriman i mBun Raite, Co Luimní, ag an deireadh seachtaine, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Chaith Ó Buachalla breis agus 30 bliain i Roinn na Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus ba léir é bheith an-tógtha leis an chúngú atá tagtha ar shiollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta le 20 bliain anuas.

Cuireadh tús leis an chúngú sin siar sna 1960í, a dúirt sé, nuair a rinneadh idirdhealú den chéad uair idir teanga agus litríocht. Dúradh go raibh an litríocht ródheacair agus nár bhain sí le saol na ndaltaí agus gur mó an luí a bhí ar scríobh na Gaeilge ná ar labhairt na teanga.

Thuig sé go mbíonn deacracht ag múinteoirí áirithe na cúig dhán fíorshimplí atá ar an ghnáthchúrsa a theagasc ach is mar gheall ar gan bhaint bheith acu le saol na ndaltaí, ní mar gheall ar dheacracht teanga a baineadh na laoithe Fiannaíochta den chúrsa.

READ MORE

Agus má tá éagóir á déanamh ar na daltaí sin atá ag foghlaim na Gaeilge mar dhara teanga as ligean dóibh an scoil a fhágáil gan eolas acu ar shaibhreas litríocht na Gaeilge is mó fós, a dúirt sé, an éagóir atá á déanamh ar mhuintir na Gaeltachta agus ar na daltaí sin a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga acu.

Ní dhearna an córas oideachais freastal orthu riamh. Dúirt Ó Buachalla go raibh géarghá le cúrsa Gaeilge a bheadh inchurtha le cúrsa Béarla do Bhéarlóirí nó cúrsa Fraincise do Fhrainciseoirí. Luaigh sé a laghad cainteoirí dúchais a théann le léann na Gaeilge: "Is é an t-easpa lárnach seirbhís intleachtúil a chur ar fáil doibh ba chúis leis sin."

Cúrsaí Léann na Gaeilge ar an tríú leibhéal is mó a bhí faoi chaibidil ag Louis de Paor, atá ina stiúrthóir ar an Léann Éireannach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Labhair sé faoin bhéim rómhór a bhí á cur go fóill ar theangeolaíocht agus ar théacseolaíocht sna cúrsaí sin agus gan go leor á dhéanamh chun mic léinn a chur ar an eolas faoi fhiúntas ealaíne litríocht na Gaeilge.

Rianaigh sé siar an bhéim sin go dtí tús ré na hAthbheochana nuair ba í príomhaidhm na scoláirí a raibh fágtha de litríocht na Gaeilge a tharrtháil, rud a d'fhág gur scileanna dlí-eolaíochta is mó a bhí ag teastáil ó lucht léinn na Gaeilge agus iad ag plé le saothar na bhfilí móra. Ba é an tOllamh Sean Ó Tuama an scoláire is mó a rinne iarracht an ghné léirmheastóireachta a fhorbairt. Ba cheart, a dúirt de Paor, do na teangeolaithe agus téacseolaithe agus lucht litríochta bheith ag obair as a lámh a chéile ach níl an chomhtháthú sin ann. Chonacthas dó de bharr an córas ceapacháin atá sna hollscoileanna faoi láthair go mairfeadh an deighilt eatarthu go cionn 20 bliain eile.

Tá sé mar aidhm ag Cumann Merriman ceangal adhéanamh idir Léann na Gaeilge agus an pobal, a dúirt Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimní. Ach cén pobal? Rinne Máirín Nic Eoin, Coláiste Phádraig, Droim Chonrach, cur síos ar chúig ghrúpa a shíleann sí gur cheart do lucht léinn na Gaeilge bheith ag freastal orthu, ó dhaoine a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil go daoine atá ag iarraidh cur leis an méid atá acu: "Ba cheart páirt lárnach bheith ag lucht léinn na Gaeilge in oiliúint na speisialtóirí is gá le freastal ar na grúpaí sin a bhfuil Gaeilge acu."

Seachtain spraoi

SHEOL Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, Clár Náisiúnta Sheachtain na Gaeilge i mBaile Átha Cliath oíche Luain. Beidh an tseachtain ar siúl idir Dé Luain 10ú agus Dé Luain 17ú Márta agus tá Conradh na Gaeilge ag eagrú imeachtaí teanga, ceoil agus damhsa ar fud an oileáin lena linn. Tá clár ama dátheangach a bhfuil cur síos ar na himeachtaí ar fud foilsithe ag an Chonradh. Eolas: 01-4757401

Stiúrthóir múinteoirí

TÁ DÓNALL Mac Diarmada ceaptha ina Stiúrthóir Náisiúnta ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge. Tiocfaidh sé i gcomharbacht ar Helen Ó Murchú ar an chéad lá de Mheán Fómhair, 2003.

Is múinteoir Gaeilge agus Staire é Mac Diarmada i mBaile Átha Cliath. Feidhmíonn sé mar Phríomhscrúdaitheoir Comhairleach don Roinn Oideachais agus tá sé ina chathaoirleach ar bhord bainistíochta gaelscoile.

Comóradh caoga

BEIDH ceolchoirm ar siúl ag Scoil Lorcáin, Baile na Manach, Baile Átha Cliath, i Halla na Saoirse seachtain ón Domhnach ag 7.45 p.m. Tá an scoil ag ceiliúradh 50 bliain ar an saol. Is í Bríd Óg Ní Bhuachalla a chuirfidh an ócáid i láthair agus beidh Danú, Máire Ní Bhraonáin, Cormac Breatnach agus Niall Ó Callanáin ag soláthar an cheoil. €20 atá ar thicéad nó €12 ar lacáiste. Eolas: 01-2808906