Cen praghas ar ailleacht?

Beocheist: Ní féidir a rá gur díreach inniu nó inné a thosaigh mná ag plé le táirgí áilleachta

Beocheist: Ní féidir a rá gur díreach inniu nó inné a thosaigh mná ag plé le táirgí áilleachta. Tá a fhios againn gur ghnách le banríon na hÉigipte, Cleopatra, í féin a ní i bhfolcthaí líonta le bainne asail.

Ach is cinnte go bhfuil muid anois dúnta i ngrá le táirgí a gheallann dúinn go ndéanfaidh siad níos áille muid.

Tá na mílte táirge áilleachta amuigh ansin - tá leath acu ceannaithe agam féin. Agus cén fáth? - mar gur chreid mé an méid atá scríofa ar chúl na mboscaí agus ar chúl na mbuidéal uilig.

Le líon na méid táirgí atá ar an mhargadh tá sé easca teacht ar cheann nach bhfuil ródhaor, ach dóibh siúd le cúpla pingin bhreise le caitheamh acu, níl teorainn leis an méid is féidir a chaitheamh chun tú féin a choinneáil ag breathnú go hálainn.

READ MORE

Ag amharc ar smidiú, agus ar bhunéadach amháin, má chuirtear i gcomparáid le hór é, gram ar ghram, tá muid sásta níos mó airgid a chaitheamh ar bhunéadach.

Is dócha go mbeadh sé rud beag níos deacra an t-ór a smearadh ar d'éadan ach ní shin an pointe. Nach bhfuil sé scanallach go gcaitheann muid an méid sin airgid ar son an díomhaointeais?

Déanaimse seo gan fiú smaoineamh air. Táim cinnte go bhfuil na mílte punt caite agam orm féin chun mé féin a choinneáil ag amharc, bhuel ní go hálainn, ach maith go leor.

Gach uair a théim chun an ghruaigeadóra baintear geit asam agus mé ag íoc mo bhille ach, sé seachtaine ina dhiaidh sin, táim ar ais arís.

Ní hiad na mná amháin atá ciontach anseo - tá custaiméirí nua amuigh ansin do na táirgí áilleachta - is iad sin na fir. Ní gá d'fhir ár dtáirgí a ghoid fiú mar go bhfuil na comhlachtaí ag díol táirgí dírithe go hiomlán ar mhargadh na bhfear anois. Ar deireadh thiar thall, níl an náire chéanna ag baint le haire a thabhairt duit féin más fear tú agus a bhíodh. Agus b'fhearr liom féin go mbeadh m'fhear ag amharc agus ag boladh chomh hálainn liom féin.

Ar nós gach ruda, áfach, tá teorainn de dhíth. Ach conas go n-aithníonn muid an teorainn seo?

Táimid uilig ag dul in aois ó lá ár mbreithe agus níl ach méid áirithe go dtig linn a dhéanamh chun muid féin a choinneáil ag amharc óg. Beagnach gach lá, léim faoin mhíorúilt is nuaí a ghealann go ndéanfaidh sé níos óige agus níos áille muid - agus an mhíorúilt is coitianta anois sa tionscal áilleachta ná máinliacht chosmaideach.

Tá seo le fáil anois go rialta agus go héasca ach is cinnte go bhfuil sé níos daoire ná ceann de na potaí beaga atá in aice mo leapa. Ó do shrón go dtí do thóin, níl aon phíosa de do chorp nach dtig leis an máinlia a athrú sa lá atá inniu ann.

Rud maith nó drochrud? Fíormhaith do dhaoine a gcaithfidh dul faoin scian mar gheall ar chúiseanna leighis, ach do dhaoine atá díreach ag lorg na foirfeachta, níl mé róchinnte gur chóir go mbeadh na cineálacha seo obráidí le fáil chomh héascaí sin.

Má thógann muid an bhean Cindy Jackson mar shampla - bhí timpeall 100 obráid ag an bhean seo chun í féin a choinneáil ag amharc 20 bliain níos óige ná mar atá sí.

Maith go leor, b'fhéidir go mbeadh sí sona go ceann tamaillín ach tiocfaidh an t-am nach mbeidh sí ábalta dul faoi scian agus cad a dhéanfaidh sí ansin? Tiocfaidh an t-am go mbeidh uirthi agus go mbeidh orainn uilig a ghlacadh go mbreathnaíonn muid níos sine.

Rud nach dtuigim in aon chor ná Botox - seo an réiteach mear dóibh siúd nach bhfuil mórán ama acu. Ní ghlacann sé ach cúpla bomaite agus ina dhiaidh níl roc ar bith fágtha ar d'aghaidh. Is cuma cé mhéid roc a bheadh agam ar m'aghaidh, ní fhéadfainn cead a thabhairt d'éinne instealladh nimhe a chuir ionam sa chaoi is go mbeadh masc reoite in áit éadain agam. Creidim go n-íocann na mílte (idir fhir agus mhná) suas go £400 chun instealladh mar seo a fháil.

Ní féidir linn stop a chuir leis an aois ach nach ndéanfadh sé níos mó céille gan an t-uafás airgid a chaitheamh ar ghealltanas folamh ar chúl an bhosca agus é a chaitheamh ar iarracht sult a bhaint as an saol?

Ar an láimh eile, déarfadh go leor mná leat go dtugann táirgí áilleachta sult dóibh agus níl aon rud mícheart leis sin. Ach ní fiú d'airgead uilig a chaitheamh orthu. Tá m'intinn déanta suas, mar sin, tá mé chun iarracht a dhéanamh gearradh siar ar an mhéid a chaithim orm féin - ach tá béaldath úr go gcaithfidh mé a cheannach i dtosach.

Níl sé ródhaor!