Cen toradh a bheidh ar an aistriuchan?

Tá Pádraig Ó Laighin, Aoife Ní Scolaí, Daithí Mac Cárthaigh, Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus na dreamanna…

Tá Pádraig Ó Laighin, Aoife Ní Scolaí, Daithí Mac Cárthaigh, Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus na dreamanna eile a choinnigh an feachtas ar siúl chun stádas a fháil don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh molta dá mbeinn i mo thost, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Ní beag an moladh fosta atá tuillte ag an Taoiseach agus ag na hAirí, Dermot Ahern agus Brian Cowen, agus na státseirbhísigh a bhí i mbun idirbheartaíochta le bliain anuas. Agus Éireannaigh óga ag cur isteach ar phost san Aontas áireofar an Ghaeilge ar comhchéim le Béarla, Fraincis agus Gearmáinis agus ón chéad lá Eanáir 2007 cuirfear aistriúcháin Ghaeilge ar fáil de phríomhcháipéisí an Aontais.

Níl dabht ar bith gur bua iontach do lucht na Gaeilge an stádas seo a fháil ach caithfidh mé a rá go bhfuil méid éigin imní orm mar gheall air agus is í an bhéim atá á cur ar aistriúchán a chuireann an imní orm.

Ó tháinig ann don Acht Comhionannas Teanga tá tionscal aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge ag dul i méid in aghaidh na seachtaine. Tá focail Ghaeilge ar théarmaí agus ar choincheapa nach raibh trácht orthu sa teanga roimhe a lorg chun leagan Gaeilge de cháipéisí oifigiúla a chur ar fáil. Is maith an rud do theanga méid áirithe de sin.

READ MORE

Saibhríonn sé í, go mórmhór más daoine oilte, a bhfuil eolas maith ar an dá theanga atá i mbun an aistriúcháin: ach má tá cáipéisí agus tuairiscí á gcur ar fáil don phobal ina bhfuil an Ghaeilge iontu ina aistriuchán lom, focal ar fhocal, ar dhroch-Bhéarla d'fhéadfadh sé dochar mór a dhéanamh don Ghaeilge. Is eagal liom go bhfuil roinnt daoine ag gabháil don aistriúchán faoi láthair ar beag a dtuiscint ar an Ghaeilge.

Tá leid le fáil ar chumas cuid acu san iris Comhar a fhoilsíonn gach mí glac téarmaí a chuireann an Coiste Téarmaíochta ar fáil. Tá an liosta seo bunaithe cuid mhór ar iarratais a thagann isteach ó dhaoine atá ag aistriú cáipéisí oifigiúla.

Tá sé intuigthe go mbeadh aistritheoir ag lorg leagain cheart Ghaeilge ar théarma leighis ar nós "assisted radical prostatectomy" agus is mór an áis dream ar nós an Choiste Téarmaíochta bheith ann chun leagan oifigiúil a chur ar fáil.

Ach nach díol náire é am fostaithe stáit á chur amú ag cur leagan Gaeilge ar fáil do "guest lecturer" nó "Coláiste Chaoimhín, Moibhí Road," nó "the Oder-Neisse line" mar atá ar Comhar na míosa seo.

Cén t-eolas ar an Ghaeilge a bhí ag na daoine a chuir na hiarratais seo isteach agus cé mhéad airgid a bhí á fháil acu chun an obair aistriúcháin a dhéanamh?

In alt ar Foinse an tseachtain tar éis do Chomhairle na nAirí i Lucsamburg stádas a bhronnadh ar an Ghaeilge scríobh an Dr Pádraig Ó Laighin gur eagraíodh comórtas ceithre bliana ó shin chun aistritheoirí Gaeilge a fhostú. Ní raibh aibh oiread is duine amháin i measc na n-iarrthóirí a shroich an caighdeán inmhianaithe.

Is mar gheall air sin, dúirt sé, a socraíodh gan tús a chur le córas ateangaireachta agus aistriúcháin agus foilsiú na hIrise Oifigiúla i nGaeilge go dtí 2007 chun seans a thabhairt do lucht ollscoileanna agus institiúidí eile feabhas a chur ar chúrsaí aistriúcháin.

Mhol sé do na hollscoileanna féachaint ar chaighdeán na gcúrsaí a chuirtear ar fáil thar lear agus tuigtear go bhfuil Foras na Gaeilge le córas a bhunú chun caighdeán aistritheoirí oifigiúla a mheas. Is é mo bharúil féin, ámh, gur beag feabhas a thiocfaidh ar chúrsaí aistriúcháin a fhad agus a bhítear ag aistriú ó Bhéarla go Gaeilge an t-am ar fad.

Ní mór i bhfad Éireann níos mó bunscríbhneoireachta a dhéanamh i nGaeilge agus téacsleabhair, treoirleabhair, tuairiscí agus fógraí bheith á scríobh i nGaeilge agus ailt Ghaeilge ar chúrsaí reatha, ar chúrsaí eolaíochta agus ar na céadta ábhar eile bheith i gcló in irisí agus i nuachtáin agus iad faoi chaibidil i nGaeilge ar raidió agus ar theilifís.

Mura mbíonn, ní fiú bheith ag smaoineadh ar chomhionannas teangacha mar ní bheidh sa Ghaeilge ar deireadh ach macalla leamh den Bhéarla agus gan sa stádas atá bainte amach le mórchuid dua ach cur i gcéill.