Ceol Earraigh Chiarrai

Cuirfidh an ceoltóir aitheanta agus príomhfheidhmeannach Temple Bar Properties, Dermot McLaughlin, tús oifigiúil le Scoil Cheoil…

Cuirfidh an ceoltóir aitheanta agus príomhfheidhmeannach Temple Bar Properties, Dermot McLaughlin, tús oifigiúil le Scoil Cheoil an Earraigh, Baile an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí, i Músaem Oidhreacht Chorca Dhuibhne san oíche anocht ag 8pm.

Beidh buaiteoir Chorn Uí Riada, Éamon Ó Donnchadha, i mbun amhránaíochta ag 10pm i gClub an Dreoilín ina dhiaidh sin. Beidh clárú do ranganna san fhidil, bosca ceoil, feadóg stáin, bodhrán, feadóg mhór agus píobaí uilleann, amhránaíocht ar an sean-nós amárach ag 10am; léacht le Máire Ní Chaoimh ar Stair an Bhosca Cheoil ag 8pm san oíche amárach in Óstán Cheann Sibeal; ceolchoirm mhór in Halla na Feothanaí ag 8pm oíche Aoine le Matt Molloy, Sean Keane agus Maighréad Ní Dhomhnaill agus ceann eile oíche Shathairn le Tony McMahon, Breandán Ó Beaglaoich, Cór Chúl Aodha agus Gerry O'Beirne. Eolas: 066-9156402 nó eolas@scoilcheoil.com