Chéad chnuasach

RÉSHEOID (Coiscéim) is ainm don chéad chnuasach filíochta le file óg as an Chlár, Doireann Ní Ghríofa.

RÉSHEOID (Coiscéim) is ainm don chéad chnuasach filíochta le file óg as an Chlár, Doireann Ní Ghríofa.

Tá sí díreach i ndiaidh Máistreacht sa Nua-Ghaeilge a chríochnú ar ollscoil Chorcaí agus Alan Titley – ollamh ansin agus colúnaí anseo – a scríobh blurba don leabhar. Deir sé go bhfuil “idir iontas agus dhraíocht agus sceimhle” sna dánta agus gur filíocht atá ann atá “simplí coséadrom ach tá pléascadh laistiar díobh a éilíonn iad a léamh go mall chun a mblaiseadh go hiomlán”.

Is í an file iomráiteach, Biddy Jenkinson, a sheolfaidh Résheoid Dé hAoine ag 7pm i Leabharlann Cathrach Chorcaí.