Cloch, Uisce agus Adhmad

Is é "Cloch, Uisce agus Adhmad" an teideal atá ar thaispeántas grianghraf le Tomás Ó Meachair.

Is é "Cloch, Uisce agus Adhmad" an teideal atá ar thaispeántas grianghraf le Tomás Ó Meachair.

Is í an t-ealaíontóir Nancy Larchet a osclóidh an taispeántas go hoifigiúil amárach ag 8pm in ionad Gaelchultúr, Foirgneamh Filmbase, An Chuarshráid, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Beidh an taispeántas le feiceáil go dtí an Aoine, 16ú Nollaig, le linn gnáthuaireanta oifige.

Rugadh agus tógadh Tomás Ó Meachair i mBaile Átha Cliath agus tá sé ag tógáil grianghraf ó bhí sé ina dhéagóir: "Thugadh m'athair ar cuairt mé go dtí séadchomharthaí ar fud na tuaithe. Áit ar bith a raibh iarsma de mhainistir, caisleán nó tuama le feiceáil, b'ansin a théadh muid." Ba iad an dúlra, an tseandálaíocht agus an ailtireacht a bhí mar inspioráid aige agus é ag tógáil na ngrianghraf atá le feiceáil sa taispeántas nua seo. Tógadh na grianghraif uile ar shleamhnáin le cúig bliana anuas, in Éirinn, san Astráil agus sna Piréiní.