Cluiche na bhfocal thart

Beocheist: Tá cluiche na bhfocal thart, na toghcháin ó thuaidh curtha ar ceal agus na póstaeir pacáilte ar ais ina mboscaí don…

Beocheist: Tá cluiche na bhfocal thart, na toghcháin ó thuaidh curtha ar ceal agus na póstaeir pacáilte ar ais ina mboscaí don bhFómhar seo chugainn. Bhí an pobal fré chéile chomh dubh dóite den gcluiche agus a bhí Gerry Adams nuair a diúltaíodh don ráiteas deireanach uaidh.

Na preasagallaimh sin go léir, na ceisteanna mar gheall ar fhoclaíocht an ráitis is deireanaí, ráitis chun ráitis eile a mhíniú, ráitis chun focail i ráitis eile a mhíniú, an focal "should" i láthair agus an focal "will" ar lár, an focal "will" i lathair ach curtha leis an mbriathar mícheart.

Nathanna seanchaite cainte an "phroiséas síochána" tógtha as an saol normálta chun saol mínormálta polaitiúil an Tuaiscirt a mhíniú: "wedded", "engaged", "back on track", "moving things forward", "defining moment".

Gach giota béarlagair as an leabhrán póca idirnáisiúnta, Conas urlabhra an pholaiteora a fhoghlaim gan oiread is iarracht a dhéanamh.

READ MORE

Aghaidh shollúnta Adams ag labhairt amhail is a bhí an óráid cois uaigh Uí Dhonnabháin Rossa á tabhairt aige. Ar thug sibh faoi deara go mbíonn gach rud "stairiúil" anois ó thuaidh? Ní tharlaíonn gnáthrudaí ann a thuilleadh - nóiméid mhóra na staire amháin a líonann an lá i mBéal Feirste.

Agus ansin ar an taobh eile, aghaidh an mháistir scoile ar David Trimble amhail is a bhí sé ag marcáil an ráitis is deireanaí ó Gerry Óg as a deich . . . "Could do better!" Gach ribe gruaige in áit, an chulaith choimeádach cheart, snas na measúlachta ar a aghaidh agus Thesaurus an diúltachais ar an mbord roimhe. É ag déanamh giollaí dá lucht éisteachta gach uair go n-osclaíonn sé a bhéal.

I gcead daoibh, Gerry agus David, má bhí sibhse dubh dóite den gcluiche, ba chóir daoibh bheith ag breathnú air ón áit a raibh muidne.

Bhí sibh cosúil le beirt fhear ionaid a bhí ag seasamh isteach do na fíor-imreoirí: Adams ag éisteacht le treoracha ón IRA ar an taobhlíne agus Trimble ag síorchuimhneamh ar Jeffrey Donaldson agus a chairde agus an méid a bheadh le rá acusan. Bhí taibhsí ag an bhféile seo.

Thug ceannlíne amháin ar nuachtán náisiúnta le fios nach raibh idir na páirtithe ar fad ach "focal amháin". "Will" an focal a bhí i gceist ag an gceannlíne sin. Ach is léir anois, má bhí aon fhocal amháin a mhíneodh teip na gcainteanna, gurb é "muinín" an focal sin.

Anois tá an scéal ina phraiseach. Ní ghlacfadh an tIRA agus Sinn Féin le foirm fhoclaíochta a bhí á moladh ag rialtas na Breataine. Bhí siad sásta an ráiteas mór ginearálta a gheall síocháin ach ní raibh siad sásta aon gheallúint ar leith a thabhairt, mar shampla, nach ndéanfadh siad earcaíocht, spíodóireacht, pionóis le piléir ná a leithéidí. Is ar an gcarraig sin a bhris an t-iomlán as a chéile.

Dá mbeadh an rogha fágtha faoi rialtas na Breataine, tá gach seans ann go nglacfaí leis an leagan ginearálta ach bhí an máistir scoile ag cogar i gcluas an phríomhoide, Tony Blair, chun a rá leis nach bhféadfadh seisean an chuid seo den mhargadh a dhíol le hardchomhairle a pháirtí féin. Amuigh sa bhfásach bhí corrscread fíochmhar le cloisteáil ón DUP chun eagla an Tiarna a chur ar an mbeirt acu.

Tá fearg ar an IRA, Sinn Féin agus an DUP go bhfuil na toghcháin curtha ar athló agus thuigfeadh éinne dóibh. Is iadsan a bhí chun méadú tacaíochta a léiriú agus chun ceannaireacht an dá phobal a bhuachaint.

Ach, d'fhéadfaí geall a chur air nach bhfuil gach duine san SDLP chomh míshásta agus a bhí a gceannaire Mark Durkan leis an gcinneadh.

Samhlaigí féin an toradh a d'fhéadfadh bheith ar thoghchán faoi láthair: tromlach an vóta aontachtaigh ag páirtí a mhaíonn go gcaithfidh siad Sinn Féin as cumhacht agus Comhaontú nua a lorg agus tromlach an vóta náisiúnaigh ag Sinn Féin, atá ag éirí Comhaontú Aoine an Chéasta ina iomláine a chur i bhfeidhm.

É sin agus gan aon Fheidhmeannas bheith aontaithe go dtí go n-abrann an tIRA go bhfuil siad chun glacadh leis an uaireadóir óir agus an pinsean. A mháithrín, cóirigh mo leapa, táim breoite go leor!

Tá éirithe le rialtas na hÉireann Sinn Féin a thabhairt go dtí pointe a chuirfeadh iontas ar sheanfhondúirí an pháirtí. Is dócha go bhfuil fearg i measc na bhfíréan faoin méid atá géillte ag an ngluaiseacht. Ach ní hionann sin is a rá go bhfuil an tIRA chun teacht amach as na díoganna leis an méid sin a chur in iúl. Féinmharú polaitiúil a bheadh i gceist do Shinn Féin dá dtarlódh a leithéid.