Cluichi Gaelacha ar TG4

Teacht an Earraigh, teacht na gcluichí Gaelacha ar TG4.

Teacht an Earraigh, teacht na gcluichí Gaelacha ar TG4.

Déanfaidh an stáisiún clúdach cuimsitheach beo ar na Sraitheanna Náisiúnta Peile agus Iomána; ar an chomórtas club uile-Éireann agus ar chluichí ceannais Mhig Shigir agus Mhic Giobúin.

Le cois na gcluichí beo, déanfaidh TG4 iarchraoladh ar an dara cluiche gach Domhnach agus beidh rogha níos fairsinge de chluichí ar chlár buaicphointí, GAA 2006, gach oíche Luain ag 8.30pm.

Dúirt Eagraí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha go raibh an cainéal thar a bheith sásta leis an dlúthpháirtíocht le Cumann Lúthchleas Gael agus le Allianz, urraithe na sraitheanna agus go mbeadh deis ag na mílte daoine na foirne is fearr a fheiceáil ar TG4.

READ MORE

Is iad Micheál Ó Domhnaill a bheidh i mbun an chur i láthair agus Brian Tyers a bheidh ag déanamh tráchtaireachta. Is iad Tír Eoghain agus Baile Átha Cliath an chéad chluiche seachtain ón Domhnach ag 2.30pm.