Cluichi speisialta

Beocheist: 'Share the Feeling' is the theme and now is the time to take part in Special Olympics 2003, writes Seán Ó Riain…

Beocheist: 'Share the Feeling' is the theme and now is the time to take part in Special Olympics 2003, writes Seán Ó Riain

BHÍ Joe ina cheoltóir le seóbhanna sna 1960í. Bhí a bhean, Mary, ag obair ina pobal féin ó thuaidh ag iarraidh athmhuintearas a chothú. Ní nach ionadh bhí an-chur is cúiteamh againn le chéile.

Beirt a chuir go mór leis an díospóireacht ná Ruth is Sarah, iníonacha Joe is Mary. Bhí tuairimí láidre ag na cailíní sin, deirimse leat, ach fós dea-bhéasa is féith an ghrinn go smior iontu. Bhí an-deireadh seachtaine againn le chéile nuair a d'fhan an ceathrar sa tigh seo 'gainne le linn Chluichí Náisiúnta na nOilimpeach Speisialta i 1998.

D'fhan John, mac Joe is Mary, le foireann a chontae féin. Agus cad é mar mhórtas a bhí orainn go léir agus sinn ag tacú le John, bród gan buaileam sciath.

READ MORE

Cuimhní an deireadh seachtaine sin a spreag sinn le hiarratas a chur isteach le bheith inár n-aoichlann ag Cluichí Samhraidh Domhanda na nOilimpeach Speisialta i 2003. Beidh orainn leaba, bricfeasta is fáilte a thabhairt do chlann ón iasacht fad is a bhíonn na comórtais féin ar siúl i mBaile Átha Cliath idir 20ú agus 29ú Meitheamh.

Seans iontach atá ann le páirt a ghlacadh sna himeachtaí is mó a eagraíodh riamh in Éirinn agus sna himeachtaí spóirt is mó a eagrófar áit ar bith ar domhan an bhliain seo chugainn.

Beidh foirne ag teacht anseo ó 166 tír, breis is 7,000 lúthchleasaí a chaithfidh an tréimhse i mbailte ar fud na tíre ag traenáil. Cheana féin tá pobail ó na ceithre harda ag ullmhú don ócáid mhór seo, mar shampla, beidh an Spidéal, Oileáin Árann is an Daingean ag fáiltiú roimh fhoirne na gCamarún, na Portaingéile is na hAfraice Theas faoi sheach. Beidh 24 baile ó Thuaisceart Éireann páirteach sa chuid seo de na himeachtaí.

Beidh lúthchleasaithe ag iomaíocht i scór spórt, ina measc snámh, cispheil, rothaíocht, marcaíocht, seoltóireacht, sacar, galf, leadóg agus bocce, cad é sin?

Eunice Kennedy Shriver a bhunaigh gluaiseacht na nOilimpeach Speisialta 30 bliain ó shin do dhaoine le míchumas léinn.

Bíonn Cluichí na nOilimpeach Speisialta ar siúl an bhliain roimh na Cluichí Oilimpeacha. Díreach i ndiaidh na gCluichí Oilimpeacha a bhíonn Cluichí na bParailimpeacha ar siúl ag lúthchleasaithe le míchumas coirp. Aithníonn Coiste Idirnáisiúnta na nOilimpeach an dá ghluaiseacht.

Tá páirt i gcluichí 2003 do gach éinne. Mar shampla, caithfear lóistín a fháil do 28,000 duine. An bhfuil leaba le spáráil agat?

Cé go bhfuil deontais faighte ón Rialtas, ón Aontas Eorpach agus ó lucht urraíochta, fós tá gá le tuilleadh airgid. Fáilteofar roimh oibrithe, cairde nó scoileanna a bhaileodh airgead d'fhonn tacaíocht phraiticiúil a thabhairt do lúthchleasaithe ionas go mbeadh siad ábalta a ndícheall a dhéanamh ar pháirc na coimhlinte. Tá luach saothair, ticéidí is eile, le fáil acusan a bhailíonn €1,000. Fáilteofar leis roimh chomhlachtaí a chuirfeadh seirbhísí éagsúla, seachas airgead, ar fáil.

BEIFEAR ag scaipeadh eolais ar gach aon institiúid oideachais sa tír faoi na cluichí agus faoi na cruacheisteanna a bhaineann leis an míchumas.

Is iontach an dream sinn don gcraic agus don ócáid mhór ach nuair a bhíonn an chóisir thart, an leanfaimid ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta, an nglacfaimid páirt sa bhfeachtas ionas go mbeidh gach aon áis ar fáil dóibh san le míchumas léinn nó coirp - mar cheart, ní mar dheontas?

Ag na cluichí náisiúnta i 1998 chuir sé ionadh orm go raibh an oiread sin daoine le míchumas léinn ann. Cá mbíonn siad an chuid eile den am? Is cinnte nach mbíonn páirt ag a bhformhór mór i saol na tíre.

Nuair a d'fhill siad abhaile, chuir Ruth is Sarah nóta chugainn a rá gur thaitin mo chuid cócaireachta (is é sin, na hispíní dóite!) go mór leo. "An-bhlasta," a dúirt siad.

Beidh fáilte romhaibh sa tigh seo am ar bith, a chailíní. Anois cá bhfuil mo naprún?

Más mian leat bheith páirteach sna cluichí, déan teagmháil le coiste na gcluichí ag Park House, Cuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath 7, 01-8691666 nó ag www.2003specialolympics.com. Cheana féin tá an suíomh Idirlín le fáil i naoi dteanga agus beidh leagan Gaeilge le fáil ag tús na bliana nua.