Cnó teanga agus JCB an Bhéarla

'Leathbhádóirí iad an gníomhaíochas agus an machnamh. Beathaíonn siad a chéile

'Leathbhádóirí iad an gníomhaíochas agus an machnamh. Beathaíonn siad a chéile. Bíonn an gníomhaíochas i mbaol an tseachráin in uireasa machnaimh; téann an machnamh faoi thástáil i réimse an ghníomhachais," a chreideann Máire Ní Annracháin agus í ag scríobh in Léargais: pobail na Gaeilge (Glór na nGael, €10), cnuasach 12 aiste a chruthaíonn a téis.

D'fhéadfá "lámhleabhar don réabhlóid" a thabhairt ar an chnuasach nó tá mórán comhairle agus céille ann do dhaoine a bheadh ag smaoineamh ar an Ghaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin. Tagann dhá ábhar mhóra chun tosaigh i mbunús na n-aistí - cúrsaí oideachais agus cúrsaí siamsa do dhaoine fásta.

B'fhiú do dhuine ar bith aiste Eoghain Mhic Cormaic ar fhorbairt na Gaeilge i mBaile Locha Riach, Co na Gaillimhe, a léamh. Fear as baile isteach é Mac Cormaic. Scríobhann sé go bhfuil "an critical mass á bhaint amach agus go bhfuil an Ghaeilge aitheanta mar 'ghnáthghné den saol' ag níos mó daoine sa bhaile anois ná mar a bhí riamh."

Ní mar sin a bhí an scéal i dtólamh. De réir a chéile a tógadh caisleán na teanga nó, mar a chuireann Mac Cormaic síos air i mbéarlagair an lae inniu, "cineál serial Gaeilgeoirí" a bhí i lucht na teanga agus iad "ag cruthú gréasán tacaíochta" dóibh féin.

READ MORE

Aithníonn tú an port sin i go leor de na haistí eile - daoine aonair ag teacht le chéile ar choistí beaga agus iad ag gríosú daoine eile leis an teanga a labhairt - bíodh sé trí ghaelscoil nó ranganna comhrá nó fhéile áitiúil.

Scríobhann Seán Mac an tSíthigh agus Caitlín Bhreathnach: "Bunaíodh féile chultúrtha nua sa cheantar i 1992, agus b'é Éigse na Brídeoige an 'catalyst' ba mhó a d'oibrigh chun meas an phobail a mhúscailt athuair sa teanga in Uíbh Ráthach. Den chéad uair le tamall fada, bhí deiseanna labhartha sóisialta ann, curtha ar fáil ag an bpobal don phobal féin.

"Tríd an éigse, cruthaíodh nascanna le Gaeltachtaí eile agus le pobal na Gaeilge ar fud na tíre. Ní fada go raibh meas úr le mothú sa phobal ar an dteanga ..."

Tá cleachtadh ag Seán Ó Dáimhín bheith ag teagasc ar an Srath Bán, Co Thír Eoghain, agus i nDún na nGall. De réir a thaithí, tig le daoine as an Stát comhrá a dhéanamh leat i ndiaidh ocht seachtaine. Bíonn cúpla bliain i gceist sula mbaineann muintir Thuaisceart Éireann an líofacht chéanna amach de bharr nár chuala siad oiread agus "tá" féin.

Ach ní i gcónaí a aithníonn an Stát a ról i leith na teanga. Creideann an scríbhneoir, Liam Mac Cóil, gur rómhinic a bhíonn "an córas mór ag iarraidh fadhb chnónna beaga Gaeltachta a bhriseadh le JCB an Bhéarla".

Níl aon JCB ar obair sna haistí seo agus déarfainn go bhfásfadh na cnónna beaga seo de smaointe ach tacaíocht chuí a chur ar fáil do na garraíodóirí.

Dámhachtain

Reáchtáilfear an chéad Dámhachtain Litríochta i gcuimhne ar Mháirtín Ó Cadhain i mbliana mar chuid de cheiliúradh céid an scríbhneora, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is í aidhm na scéime uchtach a thabhairt do scríbhneoirí atá ag teacht in inmhe agus atá ina gcónaí i mórcheantar Bhaile Átha Cliath nó a bhfuil baint tathagach acu leis an limistéar sin.

Is í Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath atá ag maoiniú na dámhachtana, ar fiú €4,000 in aghaidh na bliana é. An iris Comhar a bheidh i mbun a riartha i gcomhar le hIontaobhas Uí Chadhain a thug cuireadh don iris bheith páirteach sa scéim.

Bheifí ag súil gur ar scríbhneoir nach bhfuil mórchuid próis leis nó léi foilsithe go fóill a bhronnfaí an dámhachtain. De réir eagarthóir Comhar, Mícheál Ó hUanacháin, is é atá i gceist le "baint tathagach le Baile Átha Cliath" ná duine a chaith tréimhse dá shaol ina chónaí nó ag obair san ardchathair.

Tá súil ag lucht urraithe agus lucht riartha na scéime go gcuirfidh an scéim dlús le litríocht phrós cathrach na Gaeilge sa traidisiún ar bhog an Cadhnach ina threo ina scéalta déanacha. Cé gur mó aitheantas atá ag an Chadhnach mar scríbhneoir Connachtach scríobh sé féin i 1969 gur faide an t-achar a chaith sé i mBaile Átha Cliath ná ina cheantar dúchais agus go raibh eolas "níos barrainní" uirthi ná mar a bhí ag go leor d'fhíormhuintir na cathrach féin.

• Tá foirm iarratais le fáil in eagrán na míosa seo de Comhar. Ní mór d'iarratasóirí bheith os cionn 18 bliain d'aois agus scéal idir 3,000 agus 6,000 focal a chur ar an ríomhphost nó ar dhiosca go Dámhachtain Litríochta Mháirtín Uí Chadhain, Comhar, roimh an spriocdháta, 1ú Samhain. Beidh leagan leictreonach den fhoirm iarratais ar láthair Idirlín Comhar roimhe sin.