Coláiste oiliúna lán-Ghaeilge de dhíth ar ábhar oidí

TUARASCÁIL: BEIDH SÉ suimiúil a fháil amach cad iad na príomh-mholtaí a thiocfas as na cruinnithe atá ar siúl faoi láthair ag…

TUARASCÁIL:BEIDH SÉ suimiúil a fháil amach cad iad na príomh-mholtaí a thiocfas as na cruinnithe atá ar siúl faoi láthair ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta mar chuid de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dá mba 20 bliain ó shin a tharlódh na seisiúin chomhchomhairle chéanna, níl aon amhras ach gurb éagsúil ar fad a bheadh an t-aiseolas a gheofaí uathu.

Fiche bliain ó shin bhí daoine ag caint ar Bhille Cearta Teanga, ar Sheirbhís Teilifíse Ghaeilge, ar Ghaelscolaíocht a bheith ar fáil ar fud na tíre, ar sheirbhís as Gaeilge ón Státchóras agus ar Bhord na Gaeilge, gan trácht ar nithe eile go leor. Is mór atá idiréadan an phobail leis an Ghaeilge athraithe ó shin.

Tá earnáil amháin a bhfuil ról criticiúil aici má táthar lena chinntiú go mbeidh rath ar an méid atá bainte amach go dtí seo agus éifeacht aige go fadtréimhseach. Caithfear dul i mbun gnímh le deimhin a dhéanamh de go ndaingneofar agus go bhfairsingeofar torthaí na hoibre a rinneadh go nuige seo agus lena chinntiú go mbeidh an deis is fearr ar fáil ag na pobail Ghaeltachta maireachtáil beo.

Tá gníomh ag teastáil lena chinntiú go mbeidh an infheistíocht agus an fuinneamh uile atá á gcaitheamh le forbairtí Gaeilge - sa Ghaeltacht i gcás na Roinne agus an Údaráis de agus i dtaca le Foras na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann ar fad. Ní mór a chinntiú go mbeidh pobal forleathan atá líofa sa Ghaeilge agus muinín acu í a labhairt am ar bith dá dtabharfar an deis dóibh.

READ MORE

Tá timpeallacht amháin i saol gach duine a gcaithfidh gach uile neach beo seal áirithe ama a chaitheamh ann le linn a dtréimhse forbartha mar dhuine: is é rud a théann gach uile dhuine tríd an chóras oideachais agus is laistigh den réimse seo a chaithfear beart a dhéanamh agus é a dhéanamh go luath.

Ní foláir a chinntiú go mbeidh éifeacht ag baint leis an teagasc a dhéantar i scoileanna na Gaeltachta agus sna Gaelscoileanna agus, thar aon ní eile, go mbeidh Gaeilge líofa agus barrscileanna teagaisc ag na múinteoirí atá ag obair sna scoileanna sin ar fad.

Ní miste, sa chéad dul síos, aghaidh a thabhairt ar an leagan amach atá ar chúrsaí oideachais mar atá faoi láthair, is é sin go bhfuil córas againn faoina gcuirtear oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus sna Gaelscoileanna agus trí mheán an Bhéarla sna scoileanna náisiúnta eile. Ní féidir a shéanadh go bhfuil riachtanais dhifriúla ag na daltaí agus ag na múinteoirí sa dá shaghas scoile. Níl aon cheist ach go bhfuil riachtanais oiliúna ghairmiúla ar ardchaighdeán de dhíth ar mhúinteoirí atá ag teagasc in aon ghnáthscoil arb í an mhórtheanga timpeall uirthi an meán teagaisc agus cumarsáide laistigh di.

Bíodh sin mar atá, tá sainriachtanais oiliúna eile ag teastáil ó mhúinteoirí a bhíonn ag teagasc i scoileanna a bhfuil a dteanga theagaisc agus chumarsáide éagsúil go huile is go hiomlán leis an cheann atá in úsáid go coitianta timpeall orthu nó, mar a tharlódh i gcás ceantar áirithe Gaeltachta, i ngéarchoimhlint le mórtheanga na tíre lasmuigh de láthair na scoile.

Ba bhreá an oiliúint, gan amhras, a fuair duine ar bith againn a oileadh mar mhúinteoir i gcoláiste oiliúna de chuid na tíre seo - ach ba le dul i mbun teagaisc i mbunscoileanna Béarla a bhain an oiliúint chéanna.

Cuirim i gcas, i gcás comhghleacaithe liom a d'fhág suíomh na gnáthbhunscoile náisiúnta le filleadh mar mhúinteoirí ar bhunscoil Ghaeltachta níor tugadh oiliúint dóibh conas déileáil leis an athrú a bhí i ndán dóibh i dtaca leis teanga a bheadh ina meán teagaisc feasta acu.

Le linn a gcúrsaí oiliúna ní bhfuarthas treoir dá laghad, mar shampla i bhfoirm modúl teagaisc sa tsochtheangeolaíocht, sa tsíceolaíocht teanga nó i staidéar ar chúinsí teanga i dtíortha eile a raibh leagan amach teangeolaíochtúil acu a bheadh inchurtha le hÉirinn. Ní miste a rá, fiú, nach raibh an deis againn mar chainteoirí dúchais an Ghaeilge a úsáid i dtimpeallacht nádúrtha ó lá go lá.

Is é atá á áiteamh agam gur cheart go mbeadh coláiste oiliúna ar leith ar bun agus í ag freastal d'aon turas ar mhúinteoirí a bheas ag feidhmiú i gcóras na gaelscolaíochta agus i scoileanna Gaeltachta.

Bheadh na hábhair oidí féin lonnaithe i dtimpeallacht nádúrtha Gaeilge le linn dóibh a bheith ag gabháil dá gcuid oiliúna. De bharr an méid sin, dar liom, gheobhadh siad tuiscint níos fearr ar an fhealsúnacht agus ar an mheon a theastódh le dul i mbun teagaisc i nGaelscoileanna agus i mbunscoileanna Gaeltachta. Thabharfaí deis do na mic léinn i gcoláiste oiliúna dá leithéid ábhair as Gaeilge a úsáid le linn a gcúrsaí oiliúna agus a gcuid tionscnamh a dhéanamh trí mheán na Gaeilge sna hábhair acadúla éagsúla, de réir mar a d'oirfeadh.

Bheadh deiseanna ag údaráis a leithéid de choláiste modúil shainiúla a chur ar fáil sa tsochtheangeolaíocht, i réimsí léinn chomparáidigh a tharraingeodh isteach eolas ar staid tíortha eile agus a dhéanfadh iniúchadh ar straitéisí nua-aimseartha i dtaca le teagasc an dara teanga.

Is léir san am i láthair go bhfuil gá le rannóg taighde agus forbartha don Ghaeilge laistigh den státchóras agus le bunú a leithéid d'institiúid d'fhéadfaí ábhar úrnua a fhorbairt le haghaidh riachtanais teagaisc na Gaeilge, ag díriú, cuir i gcás, ar bhogearraí teagaisc don teanga nach bhfuil ar fáil ar chor ar bith faoi láthair agus nach féidir teacht feasta á n-uireasa.

Bheadh buntáistí nach beag ag na múinteoirí féin sa chóras oiliúna seo sa mhéid go ndéanfaí iad a oiliúint laistigh de chóras a thabharfadh rogha dóibh teagasc i ngach saghas scoile. Thabharfadh an oiliúint buntáiste mór fosta don té a bheadh ag iarraidh dul a theagasc i gcoláistí samhraidh don aos óg agus d'fhéadfaí a bheith ag súil le go dtiocfadh méadú ar líon a gcúrsaí siúd, mar gurb eol dúinn go mbíonn múinteoirí Gaeilge de shíor á lorg ag lucht eagraithe na gcúrsaí sin.

Beifear ag súil le cur i gcoinne an mholta seo, faoi mar a tharla i gcás bhunú TG4 agus forbairtí fiúntacha eile a rinne leas na Gaeilge. Déarfar, ach go háirithe, go lagóidh an fhorbairt seo an Ghaeilge i gcoláistí oiliúna an Bhéarla faoi mar atá siad anois, ach níl fáth ar bith go dtarlódh sé sin, beag na mór: ní foláir a chinntiú go leanfar ar aghaidh ar aon chuma ag cur oiliúint d'ardchaighdeán ar an ghnáthmhúinteoir a bheas ag teagasc Gaeilge mar ábhar i mbunscoileanna.

Is é an riachtanas is mó i saol na Gaeilge faoi láthair ná a chinntiú go mbeidh cothrom na Féinne le fáil ag na daoine arb í a rogha an Ghaeilge a úsáid mar chéadteanga agus go ndéanfar an freastal is gá orthu sa dóigh go mbeidh gach deis acu sin a dhéanamh ar bhonn leanúnach.

Ní mór deimhin a dhéanamh, dá bhrí sin, go soláthrófar deiseanna foghlama atá oiriúnach agus éifeachtach dá gcuid páistí sa chruth go mbeidh an cumas agus an misneach acu an Ghaeilge a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile, agus í ina teanga shlán, iomlán agus cumas labhartha nádúrtha acu, mar ba chóir.

Is cathaoirleach Údarás na Gaeltachta é Liam Ó Cuinneagáin agus stiúrthóir Oideas Gael

aiseolasfeedback - córassystem - criticiúilcritical - cumarsáidcommunication - deisopportunity - earnáilsector - éifeachteffect - forbairtdevelopment - fuinneamhenergy - idiréadaninterface - infheistíochtinvestment - líofafluent - riachtanasneed - sainiúilspecific - taighderesearch - tionscnamhproject