Comhdháil an Chraoibhínn

Is é 'Talamh na hÉireann - Talamh le hOidhreacht' an téama a bheidh faoi chaibidil ag Comhdháil an Chraoibhín, Co Ros Comáin, …

Is é 'Talamh na hÉireann - Talamh le hOidhreacht' an téama a bheidh faoi chaibidil ag Comhdháil an Chraoibhín, Co Ros Comáin, idir an Aoine 15ú agus an Domhnach 17ú den mhí seo.

Dúirt stiúrthóir an chláir, Theo Dorgan, file, gur roghnaigh siad an téama sin de bharr go gcaithfidh pobal ná hÉireann aghaidh a thabhairt "ar an bhfreagracht atá orainn uile i leith na talún a fuaireamar le hoidhreacht agus todhchaí na talún sin faoinár gcúram.

Pléifidh amhránaithe, ceoltóirí, filí, ailtirí, béaloideasaithe agus rannpháirtithe eile an cheist go mion".

I measc na ndaoine sin, beidh na filí Colm Breathnach agus Louis de Paor ag léamh le chéile; tabharfaidh an béaloideasaí, Gearóid Ó Crualaoich, caint ar "Talamh na hÉireann: an Talamh seo ar a siúlaimid" agus beidh Pádraigín Ní Uallacháin agus Len Graham ag rá amhráin nó dhó.

READ MORE

Eolas: 090-6637 259 nó www.roscommonarts.com/hyde