Comhdhail na hEorpa

De réir aighneachta a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi bhráid an Fhóraim Náisiúnta um an Eoraip, bhí "ceist na dteangacha…

De réir aighneachta a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi bhráid an Fhóraim Náisiúnta um an Eoraip, bhí "ceist na dteangacha agus an chultúir lárnach do cheist na páirtíochta agus an daonlathais san Aontas Eorpach.

"Ní féidir bheith ag súil le dílseacht ó shaoránaigh na hEorpa do struchtúr polaitíochta agus maorlathais nach dtugann aitheantas don teanga a labhrann duine ná don phobal teanga lena mbaineann duine ná don leagan amach ar an saol atá ag an bpobal sin.

"Má tá an t-ilteangachas le forbairt agus más linn an leas is fearr a bhaint as an éagsúlacht cultúir caithfear cur chuige sin ar bhealach cinnte. Agus caithfear cúram a dhéanamh de na teangacha sin atá á mbrú faoi chois ag an seanréimeas teanga atá i bhfeidhm go dtí seo."

Scríobhadh gur acmhainn luachmhar a bhí i dteangacha agus sa chultúr a bhain leo agus nárbh fhéidir cruthaíocht bheith ann gan éagsúlacht. Dá bharr sin, ba den riachtanas é aitheantas a thabhairt do theangacha.

READ MORE

"Éagóir" a rinneadh ar an Ghaeilge agus ar lucht a labhartha as an easpa stádais a bhí aici san Aontas. Chruthaigh stádas oifigiúil oibre go raibh teanga á forbairt agus á sainiú agus á cur in oiriúint don saol comhaimseartha.

D'iarr an Chomhdháil ar an Fhóram lánstádas mar theanga oifigiúil don Ghaeilge a mholadh: "Is deacair a shamhlú go mbeadh lánmhuinín ag saoránaigh na hEorpa as córas teangacha nach dtugann cothrom na Féinne do gach teanga dhúchasach san Aontas Eorpach."

D'iarr an Chomhdháil ar an Fhóram fosta:

  • moladh a réiteach a thabharfadh a ceart mar phríomhtheanga agus mar theanga náisiúnta don Ghaeilge;
  • clár a shocrú a thabharfadh a gceart do na teangacha is laige ó thaobh líon cainteoirí de san Aontas;
  • áit ar leith a chur san áireamh de na príomhchláir fhorbartha do na teangacha "is laige";
  • institiúid Eorpach a bhunú chun taighde a dhéanamh ar theangacha.