Coran chun cinn

Tá cinneadh déanta ag Lárionad Cultúrtha Ioslamach Éireann an Córán a aistriú ó Araibis go Gaeilge agus cuirfear coiste ar bun…

Tá cinneadh déanta ag Lárionad Cultúrtha Ioslamach Éireann an Córán a aistriú ó Araibis go Gaeilge agus cuirfear coiste ar bun go luath chun dul i mbun na hoibre, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is í Leslie Carter, leaschomhordaitheoir na mban sa lárionad a bheidh freagrach as cur chun cinn an tionscnaimh seo. Tá sí féin pósta ar Éigipteach.
"Tá thart faoi 18,000 Moslamach lonnaithe sa Stát seo faoi láthair. Tá na páistí ag foghlaim Gaeilge ar scoil agus roinnt daoine óga ag déanamh staidéir orthu ag an tríú leibhéal. Smaoiníonn siad orthu féin mar Éireannaigh agus ar an ábhar sin tá sé tábhachtach dóibh go mbeadh an leabhar naofa, An Córán, ar fáil i nGaeilge," a dúirt sí i mBéarla.
Ach ní do Mhoslamaigh amháin a bheidh an leagan Gaeilge seo.
"Ó thubaiste an 11ú Meán Fómhair sna Stáit Aontaithe tá méadú mór ar shuim an phobail i gcoitinne sa Chórán agus tháinig roinnt iarratas isteach chugainn ar leagan Gaeilge, ina measc iarratas ó eagarthóir an nuachtáin Lá, Ciarán Ó Pronntaigh."
Tá 114 caibidil sa Chórán agus obair fhoirne a bheidh ann an t-aistriúchán a dhéanamh. Fondúireacht Al-Maktoum atá lonnaithe i nDubai a chuirfidh an chuid is mó den airgead ar fáil agus beidh cabhair agus comhairle ar fáil ó Fhoras na Gaeilge.

mbeadh an leabhar naofa, An Córán, ar fáil i nGaeilge," a dúirt sí i mBéarla.

READ MORE

Is é an Sheikh Haamdan Bin Rashid Al Maktoum a bhunaigh an Fhondúireacht ar mhaithe le pobail Mhoslamacha ar fud an domhain agus is le hurraíocht uaithi a tógadh an lárionad cultúrtha atá ag na Moslamaigh i mBaile Átha Cliath.

Ach cá bhfuil na saineolaithe chun an t-aistriúchán ar an Chórán a dhéanamh?

Cá bhfuil na daoine a bhfuil cur amach acu ar an Araibis agus ar an Ghaeilge?

Síleann Leslie Carter go bhfuil go leor Moslamach in Éirinn anois a bhfuil Gaeilge agus Araibis acu. Tá sí ag súil go gcuirfidh Foras na Gaeilge ar an eolas iad faoi scoláirí a d'fhéadfadh cuidiú leo snas a chur ar an Ghaeilge.

Tá sé tábhachtach, a dúirt sí, an Córán a aistriú ón bhun-Araibis, seachas ón Bhéarla, mar gach uair a dhéantar aistriúchán cailltear cuid den chiall agus den fhilíocht.

Tá an Córán níos lárnaí i saol na Moslamach ná mar atá an Bíobla i saol na gCríostaithe mar leagtar síos ann na rialacha a gcaithfidh Moslamaigh cloí leo i rith a saoil.
Is ann mar shampla a leagtar síos go gcaithfidh na mná a gcolainn ar fad, ach amháin an aghaidh agus na lámha, a chlúdach.

Tá scoileanna speisialta ag na Moslamaigh chun teagasc an Chóráin a mhúineadh i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile ar fud na tíre. Foilsíodh ar na mallaibh leabhrán maiseach dátheangach (Gaeilge agus Béarla) ina bhfuil cur síos ar imeachtaí an lárionaid ón uair a bunaíodh é go 2001.

Is léir go bhfuil an pobal Moslamach anseo meáite ar an saibhreas cultúrtha atá acu a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.