Costas an chinnidh

NÍ RAIBH an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nó an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ábalta a rá leis an …

NÍ RAIBH an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nó an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ábalta a rá leis an gcolún seo cé mhéid airgid go sonrach a shábhálfaí trí Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hoifig an Ombudsman.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Caiteachais Phoiblí gur glacadh an cinneadh mar chuid de chlár “radacach” athchóirithe agus “nár cheart féachaint air i dtéarmaí shábháil airgid amháin”.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta gur €670,000 an soláthar ón státchiste d’Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana agus go mbaineann “circa €450,000 den tsuim seo le costais phá don fhoireann”.

Dúirt Dinny McGinley nach mbeadh aon ghearradh siar ar fhoireann na hoifige de thoradh an chónasctha agus níl aon chinneadh déanta fós faoi cá mbeidh oifigí an choimisinéara lonnaithe amach anseo.

READ MORE

Thug urlabhraí ón Roinn Caiteachais Phoiblí le fios gur iarradh ar gach roinn moltaí a dhéanamh maidir le líon na ngníomhaireachtaí stáit faoina gcúram a ísliú, Roinn na Gaeltachta san áireamh.

Níor fhreagair Roinn na Gaeltachta ceist ón gcolún seo faoi cé acu an ó Roinn na Gaeltachta féin nó ó fhoinse eile a tháinig an moladh as a d’eascair an cinneadh conspóideach Oifig an Choimisinéara a dhúnadh mar oifig neamhspleách.

Ní rabhthas sásta a rá ach an oiread an ndearna Roinn na Gaeltachta cás i gcoinne nó i bhfábhar an chinnidh.

Dúirt urlabhraí thar ceann Roinn na Gaeltachta go raibh cinneadh tógtha ag an Rialtas “oifigí éagsúla, a bhfuil feidhmeanna ombudsman acu, a chónascadh ar mhaithe le cur chuige níos éifeachtaí agus níos sruthlínithe a chur i bhfeidhm maidir le seachadadh seirbhísí do shaoránaigh an Stáit”.

Dúradh go raibh “próiseas comhairliúcháin leanúnach” ar siúl idir an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus gach roinn eile “mar chuid den athbhreithniú caiteachais chun gur féidir leis an Rialtas na cinntí cuí a thógáil”.