Cothu na siochana

Beocheist: B'shin ócáid spreagúil in Áras an Uachtaráin agus teacht na mballstát nua isteach san Aontas Eorpach á cheiliúradh…

Beocheist: B'shin ócáid spreagúil in Áras an Uachtaráin agus teacht na mballstát nua isteach san Aontas Eorpach á cheiliúradh.

Ní foláir dom a admháil, áfach, nach raibh coinne agam go leagfadh an tUachtarán agus an Taoiseach araon béim chomh mór san ar an tsíocháin agus iad ag caint ar an toradh a bheadh ar an bhforbairt nua seo.

Bhí glactha agam gurbh iad cúrsaí eacnamaíochta, aidhmeanna tráchtála is trádála, ceisteanna polaitiúla, is a leithéid sin eile, ba chúis leis an mór-iarracht a deineadh leis an éacht a thabhairt i gcrích.

Ar aon nós, ní mór dúinn a bheith ag súil gurb ar ár leas uile - an 450 milliún dínn atá san Aontas anois - a bheidh na socruithe nua amach anseo.

READ MORE

Sea, spreag an tagairt don tsíocháin mé, cé nach bhfuilim róléir i m'aigne féin a thuilleadh faoi cad díreach is fíorshíocháin ann. Go deimhin, táim in amhras go gciallaíonn an focal féin nithe éagsúla do dhaoine éagsúla.

Tá na Palaistínigh agus na hIosraelítigh ag bascadh a chéile, mar shampla, agus iad araon ag éileamh gurb ar thóir na síochána atá siad. Agus is féidir an rud céanna a rá faoi an-chuid áiteanna eile ar fud na cruinne.

Tá an tsíocháin (nó an suaimhneas, mar is mar a chéile iad) anama agus an tsíocháin intinne, í sin a léirímid inár gcuid cainte agus an méid a thaispeánaimid inár ngníomhartha, an rud atá le sonrú orainn mar aonaráin agus fós an tslí ina ndéanaimid sinn féin a iompar i measc an tslua nó inár ngairm nó inár gclann féin, go deimhin i ngach aon teagmháil a bhíonn againn le daoine eile.

De ghnáth nuair a bhíonn daoine ag caint faoin tsíocháin, is é an t-aighneas "ar an stáitse mór" a bhíonn i gceist acu, an cogadh idir dhá stát, b'fhéidir, nó idir aicmí difriúla, agus an gá atá leis an scéal a chur ina cheart láithreach.

Ach, i ndeireadh na dála, is beag í an difríocht atá idir an méid is féidir leis na Náisiúin Aontaithe a dhéanamh sa chás sin agus a bhfuil ar chumas an bhríogóid dóiteáin a dhéanamh nuair a ghlaotar chun gnímh orthusan.

Ní thig le ceachtar acu an rud is cúis leis an tubaist a leigheas ar an toirt. Is gá an tua a chur le fréamh agus is é an donas ná nach léir i gcónaí cá háit díreach ina bhfuil an fhréamh ag fás.

Agus is í mo thuairimse ná gur sa duine aonair atá an fhréamh chéanna; agus más í an tsíocháin atá fréamhaithe san aonarán ní dóichí ná gurb amhlaidh freisin a bheidh ina gcás sin go bhfuil tionchar aige orthu.

Sin é an fáth go gceapaim gur leis an duine aonair is gá a thosú má tá cultúr na síochána le cothú i measc an phobail i gcoitinne.

Is beag lá nach mbíonn tuairisc sna nuachtáin faoi achrann taobh amuigh de theach tábhairne agus faoi dhuine éigin a bheith san ospidéal (nó sa mharbhlann) dá dheasca. Agus de ghnáth, is é glactar gurb é an t-ólachán is cúis leis.

Ach is mór a d'áiteodh orm go bhféadfadh an t-ólachán - dá throime é - rud a aimsiú sa té nach bhfuil san ann cheana féin agus is deacair dom a ghlacadh chomh maith go bhféadfadh an t-ólachán a thabhairt ar dhuine cúl a thabhairt le tréith atá fréamhaithe go daingean sa tsíce istigh aige.

I ndiaidh gach scliúchais ina mbíonn daoine óga páirteach, bítear ag olagón faoin easpa smachta atá orthu agus faoin ngá atá le beartas éigin a chinnteodh nach mbeadh teacht acu ar an alcól.

Taobhaímse go mór leis an smaoineamh sin ach is dóigh liom gur san oideachas atá an réiteach i ndáiríre. Agus an tuairim atá agam faoi fhadhb an ólacháin is í an tuairim chéanna atá agam faoin síocháin, is í sin gur trí eolas a chur air féin a éireoidh leis an ógánach na tréithe atá ann a fhorbairt agus na laigí atá ann a leigheas. Ní bóthar réidh é an t-oideachas i gcás leanaí an lae inniu ach, mar adeireadh an tseanmhuintir, meileann muilte Dé go mall agus is dóigh liom go mbeidh toradh ar an meilt ar deireadh thiar.

Cheana féin foghlaimíonn na daltaí scoile faoin tábhacht a bhaineann le caomhnú an dúlra; déanann siad staidéar ar an tsaoránacht agus ar ghníomhú an Stáit agus ní fheicim cúis nach mbeadh cothú na síochána ina ábhar staidéir chomh maith céanna ach go soláthrófaí an acmhainn is gá chuige sin.

Nílim á rá go ndéanfadh san eiseamláir feabhais d'aon duine againn ach ba chéim ar an mbóthar ceart í agus léireodh sé dár gcomhghleacaithe san Aontas nach é amháin go ndéanaimidne Éireannaigh caint faoi chothú na síochána ach go bhfuilimid sásta beart a dhéanamh de réir ár mbriathair.