Craos agus bréaga faoi scrúdú i ndráma úr Uí Scolaí

TUARASCÁIL: FÓMHAR NA DRÁMAÍOCHTA ag lucht na Gaeilge

TUARASCÁIL:FÓMHAR NA DRÁMAÍOCHTA ag lucht na Gaeilge. Beidh dráma nua, Craos, le Darach Ó Scolaí le feiceáil i mBaile Átha Cliath Dé Máirt agus beidh deis ag lucht na Gaeilge i gCorcaigh agus i mBéal Feirste é a fheiceáil ar ball.

Seo an tríú dráma de chuid Uí Scolaí, scríbhneoir ildánach as Conamara. Chraol TG4 scannáin dá chuid; bhain sé duaiseanna móra Stewart Parker agus Bháitéir Uí Mhaicín as a shaothar drámaíochta agus bhain úrscéal dá chuid, An Cléireach, gradam mór in Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 2007.

Dúirt Darach Ó Scolaí gur dhráma é Craosatá lonnaithe i mbialann bheag sa Ghaeltacht agus beirt bhan in aon tíos ach ní fada go n-éiríonn eatarthu. Is dráma é "faoin mbréag agus faoin mbréagaireacht, agus faoin gcaoi a n-insíonn muid bréaga ar mhaithe linn féin agus ar mhaithe lena chéile. Agus dár ndóigh faoin drámaíocht a chruthaítear nuair a bhréagnaítear na bréaga sin.

"D'fhéadfaí a rá gur téama atá sa gcur i gcéill atá á phlé agam sna drámaí eile a scríobh mé. Ach sílim gur dráma é seo atá níos gaire don dráma traidisiúnta Conamarach (más féidir a rá go bhfuil a leithéid ann) ná mar a bhí na drámaí eile atá scríofa agam.

READ MORE

"Ina dhiaidh sin féin, níl sé baileach chomh traidisiúnta sin. Dráma é freisin a phléann le bunfhadhbanna an chultúir agus an tsaoil as a bhfáisctear é — rud a sheachnaítear feictear dom i ndrámaíocht agus i litríocht na Gaeilge."

Ach cén fáth dráma a scríobh ar laethanta seo na teilifíse? An fearr leis an meán seo nó an bhfuil lucht feachána ann do dhrámaí? "Is cuma cé chomh líonmhar is a maítear go bhfuil lucht féachana na teilifíse, is fíor-annamh a chloisim cláracha teilifíse á bplé ag daoine. Ní hamháin gur meán cumarsáide agus ealaíne an dráma, ach is meán sóisialta freisin é. Airím freisin gur féidir preab a bhaint as daoine le haisteoireacht bheo, rud a bheadh deacair ag aon chlár teilifíse a dhéanamh anois."

Agus cad é faoin chamchuairt? Nár cheart go mbeadh lárionad drámaíochta i mBaile Átha Cliath nó an gcothaíonn an taisteal lucht feachána?

"Tá sé tábhachtach dráma a thabhairt ar camchuairt," a dúirt Ó Scolaí. "Tábhachtach domsa, tábhachtach do na haisteoirí agus, sílim, don lucht féachana. Maidir le lárionad drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath, ba mhaith ann a leithéid. Ach b'fhéidir go mbeadh aon amharclann atá suite san ardchathair in ann an ról sin a chomhlíonadh ach í bheith ina bhun go leanúnach. Go bunúsach, sin atá uait, amharclann a aithnítear mar venue do lucht na Gaeilge agus a mbeadh muinín ag an bpobal sin aisti ó thaobh chaighdeán na seónna de."

Creideann sé gur "géire a theastaíonn amharclanna sna Gaeltachtaí. Cuireann sé go mór le costas na gcamchuairteanna muid bheith i dtuilleamaí hallaí fuara mífheiliúnacha, agus ceiltear an drámaíocht ar go leor den phobal dá bharr sin.

"Maidir leis an gcamchuairt féin, obair chrua atá ann, agus tá sé costasach. Ba mhaith liom múnla a leagan síos don chamchuairt Ghaeilge. Is é sin go mbeadh amharclanna áirithe ann, i Luimneach, i gCorcaigh, i Sligeach, i bPort Láirge, abair, a bhainfeadh aitheantas amach mar ionaid drámaíochta Ghaeilge. B'éasca i bhfad an pobal a mhealladh isteach chuig dráma nua in amharclann a bhfuil iontaoibh acu aisti."

• Is é Salamandar atá ag léiriú Craos. Beidh an dráma sa New Theatre, Sráid Essex Thoir, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, ón Mháirt 21ú go dtí an Satharn, 25 Deireadh Fómhair, ag 8pm.

Rachaidh sé ar camchuairt ina dhiaidh sin: Unitarian Church, Sráid an Phrionsa, Corcaigh, idir an Chéadaoin 29ú Deireadh Fómhair go dtí an Satharn 1ú Samhain; Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Bóthar na bhFál, Béal Feirste, idir an Déardaoin 6ú agus an Satharn 8ú, Samhain.

Eolas: 091-505791

Ros Craoibhín

DÉANFAIDH LUCHT na Gaeilge ceiliúradh ar oidhreacht Dhubhghlais de hÍde ar Óstán Ghort na Mainistreach, Bealach an Doirín, Co Ros Comáin, an deireadh seachtaine seo. Is é seo an 21ú uair go raibh Comhdháil an Chraoibhín ar siúl sa chontae. Ainmnithe as chéad uachtarán na hÉireann agus duine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge, Dubhghlas de hÍde, atá an ócáid agus is é "Amú san Aistriúchán" a téama.

Dúirt stiúrthóir na comhdhála, an craoltóir agus iriseoir Cathal Mac Coille gur ghnó "riachtanach, dodhéanta agus thar a bheith pléisiúrtha é an aistritheoireacht. Bhí Dubhghlas de hÍde ar dhuine de cheannródaithe an aistriúcháin in Éirinn.

"Thug na haistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla a rinne sé ar scéalta i Beside the Fireagus ar amhráin in Amhráin Ghrá Chúige Chonnacht/Love Songs of Connachtléargas spreagúil don phobal ar oidhreacht agus ar shaibhreas na teanga."

Ar na cainteoirí, beidh: an tOllamh Micheal Cronin; na húdair, Nuala Ní Dhomhnaill, Tomás Mac Síomóin agus Gabriel Rosenstock; an léiritheoir teilifíse Mairéad Ní Nuadháin; leascheannsaí TG4 Pádhraic Ó Ciardha agus an t-iriseoir seo. Tosóidh na himeachtaí Dé hAoine.

Eolas: 090-6637259/285 nó www.roscommonarts.com/hyde

Ceist scolaíochta

TÁ AIRE Oideachais Thuaisceart Éireann, Caitríona Ruane (SF), ar lorg tuairimí ó lucht na Gaeilge faoi oideachas trí mheán na Gaeilge.

Chuir sí tuarascáil, Athbhreithniú ar Ghaelscolaíocht, i láthair an phobail sa Tuaisceart Dé Sathairn. Tá a roinn ag iarraidh teacht ar an pholasaí ab fhearr le cúrsaí Gaelscolaíochta a chur chun cinn. Ar na moltaí, scríobhtar gur cheart don Roinn Oideachais tacú le deiseanna foghlama neamhfhoirmiúla trí mheán na Gaeilge in earnáil na hóige; gur chóir don roinn tacaíocht trí mheán na Gaeilge a thabhairt do pháistí sa bhaile agus gur cheart fosta deiseanna trasteorann agus tras-réigiúnda a fhorbairt.

Thug Ruane le fios sa tuarascáil gur mhór aici "an obair leanúnach in earnáil na Gaelscolaíochta i dtuaisceart na hÉireann. Is earnáil fhuinniúil, chróga í earnáil na Gaeilge a bhfuil borradh mór fúithi; is cuid lárnach den earnáil sin í an Ghaelscolaíocht".

Chuir urlabhraí oideachais agus Gaeilge Pháirtí Daonlathach Sóisialta an Lucht Oibre (SDLP) Dominic Bradley fáilte roimh an tuairisc.

Dúirt sé gur ghá go mbeadh an Ghaelscolaíocht "de dhlúth agus d'inneach an Roinn Oideachais, go deimhin, b'fhearr linne dul céim níos faide ná seo agus a rá go bhfuil gá fosta le hoifigigh a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus eolas acu ar an chóras Gaelscolaíochta bheith fostaithe inti".

Beidh go dtí an Satharn, 10ú Eanáir, 2009, ag grúpaí Gaeilge a gcuid tuairimí a chur faoi bhráid na roinne.

aistriúchántranslation - bréaglie - camchuairttour - ceannródaípioneer - craosgluttony - cur i gcéillpretence - forbairtdevelopment - líonmharnumerous - muinínconfidence - riachtanachnecessary - seóshow - sóisialtasocial - tábhachtachimportant - trasteorainncross-border - taighderesearch