Criost ar fud na haite

Beocheist: Tá muid ag tiomáint tríd dheisceart Ohio, gar don teorainn le Kentucky, agus ar raidió an chairr tá amhrán ceol tíre…

Beocheist: Tá muid ag tiomáint tríd dheisceart Ohio, gar don teorainn le Kentucky, agus ar raidió an chairr tá amhrán ceol tíre ag déanamh tagairt d'Íosa Críost i ngach dara líne. Athraíonn mo chara an stáisiún - agus aimsíonn sé seanmóir ar stáisiún reiligiúnda éigin.

Ligeann sé osna mhór. "Thabharfainn an Bíobla air," a deir sé ag leathmhagadh "ach ní raibh Íosa Críost thart an oiread sin nuair a bhí mise ag fás aníos. Anois tá sé ar fud na háite."

Tá an ceart aige, agus is í uileláithreacht Íosa Críost sa tsochaí Mheiriceánach an phríomhchúis gur éirigh le George W. Bush an dara tréimhse a fháil sa Teach Bán i dtoghchán na seachtaine seo caite, an uair seo le móramh an phobail taobh thiar de. De réir anailís sa Washington Post, is Críostaithe den chine geal a "rugadh arís" iad 42 faoin gcéad de na daoine a vótáil do George W. Bush i dtoghchán na seachtaine seo caite.

In agallamh ar stáisiún raidió NPR chuir Rosa Gonzalez, ón eagraíocht dheonach The League of Pissed-Off Voters (ceann de na heagraíochtaí deonacha a choinnigh súil ghéar ar chúrsaí vótála ar eagla go "ngoidfí" toghchán eile) mar seo é: "Cuireann sé iontas ar dhaoine nuair a deir duine atá 19 bliain d'aois, agus a chaitheann éadaí ó lipéad faiseanta, go vótálódh sé do George W. Bush, toisc go bhfuil sé i gcoinne ginmhillte.

READ MORE

"Duine a admhaíonn nach bhfuil sé cinnte faoin chogadh san Iaráic ach go vótálódh sé do George W. Bush mar gheall go bhfuil sé i gcoinne póstaí aeracha. Ach caithfidh muid a thuiscint go bhfuil smacht ag an eite dheis shárchoimeádach ar anamacha na ndaoine seo agus má tá smacht agat ar anam duine éigin, cén chaoi nach vótálódh sé duit?"

Thuig an eite dheis shárchoimeádach an méid sin 30 bliain ó shin nuair a tháinig na chéad soiscéalaithe ar nós Pat Robertson ar an teilifís. Anois, tá Íosa Críost ar fud na háite. "Jesus Is My Homeboy" atá scríofa ar T-Léinte de chuid an tsiopa éadaí Urban Outfitters (tá tú in ann iad a cheannach ag Urban Outfitters i mBaile Átha Cliath chomh maith agus tá cinn "Mary Is My Homegirl" ann do na cailíní.)

Le ceithre bliana anuas tharla 9/11, chonaic muintir Mheiriceá cloigne Meiriceánacha á ngearradh dá gcoirp beo ar an Idirlíon agus tháinig Osama Bin Laden ar an teilifís cúpla lá roimh an toghchán - mar a bheadh taibhse as buidéal ann - chun insint do mhuintir Mheiriceá go raibh a gcinniúint ina lámha féin.

Agus lucht an oilc ar fad i mbun oilc, tá sé le tuiscint go mothaíonn vótóirí Bush nach bhfuil smacht dá laghad acu ar an chinniúint chéanna. Ach i mí Feabhra, nuair a thaispeáin na scáileáin teilifíse lánúineacha aeracha ag pógadh is ag pósadh i Massachusetts, chonaic an eite dheis lucht oilc a d'fhéadfaí a chur leis an chrois go héasca - i Meiriceá féin a bhí siad, ní sa Mheán-Oirthear.

Thuig feachtas na bPoblachtánach an méid sin agus tharraing siad amach póstaí aeracha mar cheist thoghcháin as a hata mór dubh. Ní raibh rud ar bith a bheadh John Kerry in ann a dhéanamh faoi; dá ndéarfadh sé go raibh sé ar son póstaí aeracha bheadh sé chomh maith aige éirí as an rása don uachtaránacht láithreach. Rinne an méid beag a dúirt sé faoi - an tagairt cháiliúil do chlaonadh gnéis iníon Dick Cheney - níos mó dochair dá fheachtas ná ráiteas ar bith eile dá chuid.

Anois agus George W. Bush i gcumhacht agus móramh ag na Poblachtánaigh sa Seanad chomh maith le Teach na nIonadaithe, is féidir bheith ag súil go dtógfaidh na Stáit Aontaithe coiscéim mhór eile ar dheis.

Anuas ar an smacht atá ag na coimeádaigh ar na tithe rialtais, tá an chuma ar an scéal go mbeidh ar GWB triúr breitheamh nua a ainmniú don Chúirt Uachtarach, rud a fhágfaidh go mbeidh smacht ar feadh na nglúnta ag an eite dheis choimeádach ar an tsochaí Mheiriceánach. Glaoitear "stát fuaimintiúil Ioslamach" ar thíortha ar nós na hIaráine agus na hAilgéire; meas tú an é Meiriceá an chéad stát fuaiminitiúil Críostaí?

Agus muid ag tiomáint thar teorainn Kentucky, tá rogha againn as cúig stáisiún reiligiúnda. Ar an dea-uair, tá albam nua Morrissey i mo mhála. Tosaíonn an chéad amhrán mar seo: "America/The land of the free, they said/And of opportunities/In a just and truthful way/But where the president is never black, female or gay/And until that day/You've got nothing to say to me/To help me believe."

Ard-fhear, Mozzer.

Is comhfhreagraí gnóthaí eachtracha le Foinse é Alex Hijmans