Cultur na teilifise

Is é todhchaí na teilifíse Gaeilge i dTuaisceart Éireann an téama a bheidh faoi chaibidil ag Éigse MacAdam-Ó Fiaich sa Chultúrlann…

Is é todhchaí na teilifíse Gaeilge i dTuaisceart Éireann an téama a bheidh faoi chaibidil ag Éigse MacAdam-Ó Fiaich sa Chultúrlann i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo.

I measc na gcainteoirí, beidh ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Máire Killoran; leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha; ceannasaí na gclár Gaeilge sa BBC, Ciarán Ó hÉigeartaigh; Ceri Sherlock de chuid an stáisiúin Bhreatnaise, S4C agus Irial Mac Murchadha ón chomhlacht teilifíse, Nemeton. Beidh ceol ann gach oíche thar an deireadh seachtaine. Eolas: 048-90964180

Tabharfaidh an Dochtúir Meidhbhín Ní Úrdail léacht dar teideal "Brian Merriman's 'Court' Revisited" Dé Sathairn ag meán lae i seomra A 105, Dámh na nEalaíon, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.