Cursai pinn

Tá comórtas nuascéalaíochta agus nuavéarsaíochta á reáchtáil ag Foinse agus Cló Iar-Chonnachta d'ábhar nua scríbhneoirí, is é…

Tá comórtas nuascéalaíochta agus nuavéarsaíochta á reáchtáil ag Foinse agus Cló Iar-Chonnachta d'ábhar nua scríbhneoirí, is é sin, scríbhneoirí nach bhfuil cnuasach gearrscéalta nó filíochta foilsithe acu cheana féin.

Tá duaiseanna €3,000 do na saothair is fearr próis nó filíochta. Foilseoidh Foinse an saothar is fearr ón chomórtas uair amháin sa mhí agus foilseoidh Cló Iar-Chonnachta bailiúchán den ábhar ag deireadh na bliana.

Tá casadh beag sa scéal sa mhéid is gur féidir le file foilsithe ábhar neamhfhoilsithe próis a chur isteach sa chomórtas agus gur féidir le húdar an rud céanna a dhéanamh i gcás na filíochta de.

Eolas: 091-595520 nó nuacht@foinse.ie

READ MORE

Agus mura leor de spreagadh é sin ag ábhar scríbhneoirí, beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ag na húdair Pádraig Ó Snodaigh, Mícheál Ó Ruairc agus Pádraig Mag Fhearghusa seachtain ón Satharn i gClub Chonradh na Gaeilge, Baile Átha Cliath.

Tosóidh an cheardlann ag 10.30 a.m. agus mairfidh sí go dtí 5 p.m.

Tá táille clárithe €15 i gceist agus ní cheadófar níos mó ná 12 rannpháirtí. Moltar do dhaoine ar spéis leo páirt a ghlacadh sampla saothair a sheoladh roimh ré ionas go mbeidh deis ann iad a scaipeadh ar bhaill na ceardlainne.

Eolas: 066-7124169 nó feasta@eircom.net