Da mbeadh tu

Crobhingne: Na glúine Gael a ghabh tríd an gcóras scolaíochta bí deimhnitheach de gur cuireadh an cheist orthu.

Crobhingne: Na glúine Gael a ghabh tríd an gcóras scolaíochta bí deimhnitheach de gur cuireadh an cheist orthu.

Ní i gcónaí ar son an eolais, ach is dóichí ar son Mhodha Choinníollaigh. Bhí an Modh Coinníollach riamh ina sheasamh ansin lasnairde mar bhagairt. "Cad a dhéanfá dá mbeadh madra trí gcos agat?" "God a dhéanfá dá mbeadh Maggie agat sa choill?" "Céard a dhéanfá le píce ar choca féir?" "Caidé a dhéanfadh tú dá mbeadh Nábla dána?"

Agus bhí freagraí ar na ceisteanna sin againn, agus is iad a chuaigh chun leasa dúinn sa saol ina dhiaidh sin. Tugaim faoi deara gur minicí anois a fhiafraítear "Cad a dhéanfá dá mbuafá an crannchúr náisiúnta?" ach gur i réimse na samhlaíochta amháin a lonnaíonn sin.

Sna haistí, sna díospóireachtaí, sna hailt , ba choitianta go gcuirtí an cheist: "Céard a dhéanfadh tú dá mbeadh tú id Aire Oideachais?" Is ródhócha ar fad gur scríobh an tAire nuacheaptha Mary Hanafin aistí mar sin na céadta uair.

READ MORE

Dhein mé féin aistí mar sin, leis. Is dócha nach raibh iontu ach bladar, mar bhí mé riamh ábalta ar aistí a scríobh. Deineadh taibhreamh dom, áfach, go raibh mé ar ais ar scoil agus an múinteoir os mo chionn le stráice leathair agus le sámhshlabhra, agus gurbh éigean dom mo chuid focal a bhreacadh. Agus is mar seo a scríobh mé:

"Dá mbeinn im Aire Oideachais, voil, ní dócha go mbeinn. Ach dá mbeinn im Aire Oideachais bheadh comhairleoirí agam. Bheadh na comhairleoirí sin go deas agus go héifeachtach. Bheinn breá sásta éisteacht leo. Dá mbeinn im Aire Oideachais bheadh caifé agus tae agam leo go rialta, agus chuirfinn cluas le héisteacht orm féin. D'éisteoinn leis na gearáin a bhí acu, agus leis an gcnáimhseáil agus d'iarrfainn ar an rúnaí an méid sin ar fad a scríobh síos.

"Dá mbeinn im Aire Oideachais d'éisteoinn go minic leis na páirtithe leasmhara go léir. Na tuismitheoirí, go háirithe, mar is acu atá na vótaí. Teachtaí na bhfostóirí mar is acu atá an t-airgead. Na comhfhreagraithe oideachais, freisin, mar bíonn nithe faiseanta le rá acu. Chuirfinn coistí ina suí agus binsí fiosrúcháin ar bun agus comhairleoirí ag cabaireacht, dhéanfainn coimisiúin a cheapadh agus comhdhálacha a chur ar bun.

"Bheadh cainteanna agam leis na sagairt, agus leis na mná rialta, agus leis na bráithre breaca, agus leis na ceardchumainn, nó ba chirte a rá, go mbeadh cainteanna acu siúd liomsa. Agus d'éisteoinn arís leo, agus thabharfainn an nod nuair a bheadh an nod le tabhairt, agus déarfainn an rud ceart nuair a bheadh an rud ceart le rá, agus chuirfinn gramhas orm féin ó am go chéile ar eagla go gceapfaí gur neach an bhéil bháin ar fad mé, agus gheallfainn na hoirc mura ngeallfainn na hairc agus rud éigin idir eatarthu, agus shocróinn foirmle fhoirmiúil.

"Bheadh méar an-fhada agam, agus choimeádfainn i gcúl an iarta í. Dhéanfainn an mhéar sin a bhearradh is a líorac mar is í a thiocfadh áiseach dom. Gheobhainn meangadh plaisteach ar mo chuntanós ar nós Neans Uí Réagáin ionas go bhfanfadh sé ann, agus ionas nuair a chuirfí ceist bhuile orm nach mbeinn ar nós Seoirse na Sceiche Dorcha.

"Dá mbeinn im Aire Oideachais, le fírinne, ní dhéanfainn faic. Ní faic na fríde ach faic na faice. Dhéanfainn tincléireacht le riarachán, chuirfinn níos mó féarach ar na sleasa, d'fhásfainn bláthanna ar na himill, chosnóinn an córas nuair a dhéanfaí ionsaí mífhuadarach air. Dá mbeinn im Aire Oideachais ní dhéanfainn faic ach airgead mo chuid saoránach a chaitheamh ar a son féin.

"Dá mbeinn im Aire Oideachais chuirfinn an milleán ar an Roinn Airgeadais. Dhéanfainn iad a mhallachtú gach lá solais agus doircheachta. Dá mbeinn im Aire Oideachais chuirfinn in aghaidh gach a ndéarfadh an tAire Sprionlaitheachta maidir lem chúram féin, agus le cúram an Aire Sláinte.

"Dá mbeinn im Aire Oideachais bheinn ag screadaíl agus ag eascainí ag cruinnithe den ChomhAireacht, bhuailfinn an bord, agus stracfainn mo chuid gruaige, agus bhainfinn an bhróg díom lena caitheamh ar dóigh.

"Dá mbeinnse im Aire Oideachais d'íocfaí múinteoirí mar a íoctar dlíodóirí, agus comhairleoirí leighis, agus airí rialtais, agus craoltóirí saibhre.

"Dá mbeinn im Aire Oideachais is cinnte go mbrisfí as mo phost mé."

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar