Dalta an tSeoighigh a thainig on tSloivein

Scríbhneoir ón tSlóivéin, Drago Jancar, a d'inis an fíorscéal

Scríbhneoir ón tSlóivéin, Drago Jancar, a d'inis an fíorscéal. Bhí teangeolaí i láthair ag cruinniú faoi theangacha neamhfhorleathana. Labhair sé le cainteoir Slóivéinise, oileán beag teanga timpeallaithe ag muir mhór na Gearmáinise, agus d'inis don Slóivéanach go raibh drochscéala aige dó: "Faoi cheann céad bliain, gheobhaidh mórán teangacha bás agus an tSlóivéinis ina measc."

Chuir an scéala seo gruaim ar an Slóivéanach. Ach, arsa an saineolaí, agus é ag tabhairt uchtaigh dó, tá dea-scéala agam fosta: "Gheobhaidh an Ghearmáinis bás freisin."

Schadenfreude a thugann siad air sin sa Ghearmáinis; focal Gaeilge é Schadenfreude leis, gan amhras!

Ní mhaíonn an colún seo saineolas bheith aige ar shaol agus ar shaothar Drago Jancar. De réir na sonraí beathaisnéise a chuir Ambasáid na Slóivéine ar fáil, saolaíodh i Maribor na Slóivéine sa bhliain 1948 é; rinne cúrsa dlí ar ollscoil agus chaith seal ina iriseoir agus, ar ball, rinne scríbhneoir cruthaitheach de féin. Chuir an réimeas Cumannach faoi ghlas é as "prapaganda namhad" a sholáthar agus bhain sé an gradam is céimiúla litríochta sa tSlóivéin, Duais Preseren, agus Gradam Eorpach an Ghearrscéil.

READ MORE

Agus seo uilig bainte amach ag scríbhneoir a shaothraíonn teanga de phobal dhá mhilliún cainteoir. Bhí sé in Éirinn le caint a thabhairt ar an chúis a scríobhann sé i dteanga náisiúin bhig; sin agus cnuasach gearrscéalta a sheoladh, Dalta an tSeoighigh (Coiscéim, €7.50), atá aistrithe go Gaeilge ag Breandán Ó Doibhlin.

Ar an drochuair, fuair an colún seo an cuireadh chun na cainte i ndiaidh don ócáid titim amach. Ar an dea-uair, ámh, chuir ambasáid na Slóivéine téacs dá chuid cainte ar fáil agus tá an leabhar féin le fáil sna siopaí anois.

Ainmnithe as duine de mhórúdair na hÉireann atá an leabhar nó is é James Joyce an Seoigheach atá i gceist sa teideal.

An-scéal atá i "Dalta an tSeoighigh" a chuireann síos ar chorraíl aonair agus ar chorraíl náisiúin; an dalta a d'fhoghlaim a chuid Béarla ó Joyce i dTrieste ina óige agus an dalta céanna, in aois seanfhir, a chaitear isteach in abhainn de bharr go measann an daoscar gur contúirt acu é.

Tá an tsamhlaíocht bheo chéanna le sonrú sna scéalta eile. In "Ultima Creatura" tugann Franc Rutar cuairt ar Nua-Eabhrac agus ar éigean go dtugann sé a cheann leis agus in "Bás ag Séipéal Mhuire-sa-Sneachta" insítear scéal teifigh ón Rúis, dochtúir a éalaíonn ó réabhlóid na Rúise ach nach n-éalaíonn ón chinniúint ar fad.

Tá máistreacht ag Jancar ar bhunscileanna na scríbhneoireachta; gluaiseann a chuid scéalta ar aghaidh agus greamaíonn samhlaíocht an údair súile an léitheora den téacs, leathanach ar leathanach.

Bhí an t-ádh ar Jancar aistritheoir chomh cumasach leis an Doibhlineach bheith aige. Is íorónta torthúil an caidreamh idir scríbhneoir agus aistritheoir é: údar a chaith seal faoi ghlas ag réimeas Cumannach agus aistritheoir a chuir na B-Speisialtaigh Chríostúla taobh an bhealaigh mhóir lá den saol le go ndéanfadh siad cuardach air.

Agus cén chuige a gcuireann Jancar an trioblóid air féin scríobh sa tSlóivéinis: "Not only will dust cover our books, they may even turn to dust, just as literatures published in "big" languages will..."

"Everything goes the way of all flesh, ashes to ashes, dust to dust, people and books. Why then should, in an absolute sense, the question of the meaning of writing in a language of a small nation be essentially any different from the question of the meaning of writing in general, of the meaning of indulging in such a useless thing as art, as Oscar Wilde would put it?"

Cuireann criticeoirí síos air mar bhall de speiceas i gcontúirt ach ní aithníonn sé é féin sa scáthán sin.

Aithneoidh scríbhneoirí mionteangacha eile an rabhadh eile atá aige: "Nowadays, some of my fellow writers invest a much greater effort in searching for translators and foreign publishers than in their sentences and pay much more attention to these tasks than to thinking, reading and writing. And more than a few blame not being known by the world on the fact that they write in the language of a small nation."

Creideann Jancar i luach an fhocail scríofa agus déarfainn go dtuigfeadh sé gáir chatha as aois eile: "Beatha teanga í a labhairt; buanú teanga í a scríobh." Ar seisean: "There is an odd secret to writing - it can, with the mere 25 letters of the Slovene alphabet or whatever number of letters are in the alphabet of any other language, express the multifariousness of human life, and poems and stories can reach amazing fantasy landscapes ... A simple invention called the alphabet enables us to browse an infinitely more fascinating network than one based on silicon crystals. The network of the human creative imagination."

Seo an Eoraip nua atá ar leac an dorais againn agus is maith go bhfuil Foras na Gaeilge ag tabhairt aghaidh ar an chomhthéacs nua seo. Tá siad ag reáchtáil comhdháil idirnáisiúnta, Voces Diversae, ar éagsúlacht teanga san oideachas idir an Déardaoin 22ú agus an Satharn 24ú Aibreán in óstán an Alexander, Baile Átha Cliath.

Is iad Gaeilge, Fraincis agus Béarla teangacha oibre na comhdhála ach cloisfear réimse de 25 teanga á labhairt i measc an 200 ionadaí ón Bhreatain, ón Ungáir, ón Eastóin, ón Iorua, ón Pholainn, ón tSlóivéin agus ó Éirinn.

Is í Teresa Condeco, príomhriarthóir an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas agus Cultúr, a thabharfaidh an eocharchaint. Labhróidh sí faoi "Foghlaim Teangacha agus Éagsúlacht Teanga - polasaithe agus pleananna an Aontais Eorpaigh." Is é seo an chéad uair riamh gur reáchtáileadh comhdháil dá chineál aon áit san Aontas Eorpach, de réir an Fhorais.

Idir an dá linn, ba leor, mura miste leat, nóta beag a chur chuig Drago Jancar, á rá go bhfuil a leabhar Slóivéinise, arb é ár leabhar Gaeilge anois é, léite agat: drago.jancar@siol.net