'Dearbhu poibli'

Tá Conradh na Gaeilge ar lorg dearbhú poiblí ó na páirtithe polaitíochta go léir agus ó pholaiteoirí neamhspleácha go dtacóidh…

Tá Conradh na Gaeilge ar lorg dearbhú poiblí ó na páirtithe polaitíochta go léir agus ó pholaiteoirí neamhspleácha go dtacóidh siad le hachtú an Bhille Comhionnanais um Theangacha Oifigiúla roimh dheireadh na bliana seo.

I bpreasráiteas, dúirt uachtarán an Chonartha, Tomás Mac Ruairí, go raibh díomá ar phobal na Gaeilge gur loic an Rialtas orthu tar éis geallúint i ndiaidh gheallúint a thabhairt go mbeadh an reachtaíocht rite roimh an olltoghchán.

"Tá geallúint nua eile anois arís againn agus is é sin go bhfoilseofar an Bille roimh dheireadh na míosa seo agus tá níos lú ná seachtain fós ann chuige sin," a dúirt sé.

Foilseoidh an Conradh na freagraí a thugann gach dream ar a n-achainí mar eolas do lucht na Gaeilge.

READ MORE

"Táimid braon den mhoilleadóireacht gan dealramh agus na geallúintí éagsúla nár comhlíonadh i leith na reachtaíochta seo, gan trácht ar na leathscéalta atá tugtha, agus ní féidir é a thógaint orainn má chuirimid fíminteacht ina leith siúd a loic orainn," a dúirt sé.