Deich mbliana ina dhiaidh...

BEOCHEIST: LÉIGH MÉ Let the Great World Spin le Colum McCann le déanaí

BEOCHEIST:LÉIGH MÉ Let the Great World Spin le Colum McCann le déanaí. Leabhar is ea é a bhfuil an-chuid gradam buaite ag McCann dó agus iad tuillte go maith aige.

Is leabhar iontach corraitheach é seo faoi chathair Nua-Eabhrac. Tugann McCann léargas domhain uileghabhálach dúinn ar shaol Nua-Eabhrac trí charachtair éagsúla a chur os ár gcomhair ó gach aicme agus ó gach chuid den tsochaí. Cé nach mar a chéile in aon chor saol na ndaoine seo, cruthaíonn McCann nasc eatarthu.

Is é an nasc atá i gceist ná eachtra a tharla ar 7ú Lúnasa 1974. Ar an lá áirithe seo, shiúil Francach darbh ainm Philippe Petit ar théad tanaí idir an dá thuar atá mar chuid den Ionad Trádála Domhanda i Nua-Eabhrac. Bhí an fear seo i mbaol a bháis ach ba chuma leis. Éacht ollmhór ab ea é, rud a cheapfá a bheadh dodhéanta i ndáiríre.

Stop an chathair de gheit. Ní raibh duine ar bith i Nua-Eabhrac in ann a chreidiúint go raibh a leithéid ag tarlú os a gcionn ar an lá áirithe sin.

READ MORE

Stop an chathair de gheit ar chúis eile ar fad 27 bliain ina dhiaidh sin. Thosaigh an 9ú Meán Fómhair 2001 mar ghnáthlá i Nua-Eabhrac. Daoine ag éirí go luath chun dul ag obair, daoine ag léim ar thraenacha agus ar bhusanna, tacsaithe i ngach áit, cuisle Nua-Eabhrach ag preabadh faoi mar ghnách di a bheith.

Níorbh fhada, áfach, gur cuireadh stop le cuisle na cathrach nuair a tiomáineadh dhá eitleán isteach san Ionad Trádála Domhanda. Bhí an chathair ar fad sceimhle ina beatha, an áit ar fad ina cíor thuathail, go leor daoine gortaithe agus go leor daoine marbh. Ba lá dochreidte é don domhan ar fad.

Anois i mí Mheán Fómhair 2011, tá 10 mbliana imithe tharainn ó tharla an t-ionsaí uafásach sceimhlitheoireachta seo. Cé go gcabhraíonn cúrsaí ama le créachtaí a leigheas, is eachtra é seo a fhanfaidh i gcomhchuimhne na Stát Aontaithe agus an domhain go deo.

Má thugann tú cuairt ar an áit ina raibh na túir, “Ground Zero” mar a thugtar uirthi go minic, feicfidh tú go bhfuil cuimhne an lae úd fós le brath go géar ann.

Is iomaí rud a tharla i ndiaidh na heachtra tragóidí seo. Fuarthas amach gur Osama Bin Laden agus Al-Qaeda a bhí taobh thiar den ionsaí agus chuaigh rialtas George Bush ar a dtóir. Cuireadh tús leis an gcogadh in éadan na sceimhlitheoireachta in 2001. Bhog fórsaí Mheiriceá isteach san Afganastáin.

Bhí an cinneadh seo ina chnámh spairne ar fud an domhain. Ar cheart do Mheiriceá an sceimhlitheoireacht a throid le níos mó troda?

D’fhéadfá dul isteach go mion sna hargóintí atá ann ar son agus i gcoinne na gcéimeanna a thóg údaráis Mheiriceá ach ní chuige sin atáim. Teastaíonn uaim a léiriú go raibh éifeacht nach beag ag an eachtra seo ar shaol an domhain go léir.

Thángthas ar Osama Bin Laden agus maraíodh é i mí na Bealtaine seo caite. Bhíos féin ag maireachtaint i Meiriceá ag an am agus chonacthas dom a mhéid agus a chuaigh sé seo i bhfeidhm ar na Meiriceánaigh.

Ba gheall le clabhsúr é dóibh ar scéal uafásach an ionsaithe. Ach bíodh is gur clabhsúr é bás Bin Laden ar chuid éigin den scéal, ní bhíonn a fhios againn riamh cad atá romhainn.

Ní hamháin go bhfuil Meiriceá ar a airdeall ó 9/11 ach tá tíortha an domhain ar fad ar a n-airdeall chomh maith. Nach bhfuilimid go léir ag maireachtaint i ndomhan na slándála anois? Baineann slándáil, seiceáil agus a thuilleadh slándála go dlúth le saol an lae inniu.

Aon duine agaibh a bhíonn ag taisteal, tuigeann sibh a bhfuil i gceist leis an slándáil ar fad sna haerfoirt ar fud an domhain, go háirithe má tá tú ag taisteal go Meiriceá nó thar n-ais ó Mheiriceá.

Feictear dom, áfach, nach é an córas amháin atá ag déanamh seiceála orainn. Nuair a tharlaíonn eachtraí ar nós 9/11, bíonn tionchar orthu sin ar mheon an ghnáthdhuine chomh maith.

Braithim uaireanta go bhfuil sé de chlaonadh ionainn anois mar dhaoine a bheith níos cúramaí faoina chéile, go háirithe faoi dhaoine ó thíortha eile nach bhfuil mórán cur amach againn orthu.

Is dócha go léiríonn eachtraí ar nós 9/11 cé chomh leochaileach is atá an duine agus b’fhéidir go spreagann sé sin sinn súil ghéar a choimeád ar a bhfuil ag tarlú thart orainn.

Má aontaíonn nó mura n-aontaíonn tú leis an tuairim sin, is cinnte gur imir an eachtra stairiúil seo tionchar orainn go léir i slí amháin nó i slí eile. Dhúisigh an eachtra seo an domhan ar fad.

Ní fhéadfadh aon duine tubaiste dá leithéid a shamhlú. Ba thubaiste é cinnte “that made the Great World Spin”.