'Deis le tús a chur le ré nua radacach' - Pádraig Ó hAoláin

CAITHFIDH LUCHT na Gaeilge bheith “radacach” a dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, agus é ag …

CAITHFIDH LUCHT na Gaeilge bheith “radacach” a dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, agus é ag caint Dé Sathairn le linn Thóstal na Gaeilge i nGaillimh. Bhí an téama “Ó Aidhm go Feidhm” faoi chaibidil ag na heagrais Ghaeilge ag an chruinniú.

Dúirt sé go raibh “deis againn tús a chur le ré nua radacach” agus an Rialtas ag ullmhú plean 20 bliain don Ghaeilge. Bhí sé féin ag iarraidh go mbeadh straitéis teanga ann “ar féidir linn go léir úinéireacht a ghlacadh uirthi”.

Bhí “dúshlán mór romhainn go léir” agus ba ghá go mbeadh na heagrais “comhaontaithe le chéile”. Dúirt sé gurbh é an rud ba mheasa a d’fhéadfadh lucht na Gaeilge a rá: “fágtar sinn mar atáimid, ná leagtar lámh orainne, an status quo go deo.” Ba é a mhian nasc láidir a chothú idir pobal na Gaeltachta agus an pobal mór Gaeilge a bhí scaipthe ar fud na tíre.

Dúirt sé fosta go raibh sé tábhachtach go mbeadh toil pháirtithe an Oireachtais agus Thithe an Oireachtais le plean teanga an Rialtais nó d’fhéadfadh rialtas nua bheith ann le linn fheidhmiú na straitéise agus ba den riachtanas é go mbeadh “leanúnachas” ann agus go mbeadh “comhúinéireacht” uirthi. Bhí “ábhar machnaimh” sna moltaí a rinneadh go dtí seo agus bhí sé ag iarraidh go mbeadh “úinéireacht ag pobal na Gaeltachta ar a bhfuil i ndán dóibh féin”.

READ MORE

D’fháiltigh an t-údarás roimh an dréachtstraitéis a d’fhoilsigh an Rialtas ar na mallaibh, bíodh is nach raibh sí foirfe: “B’fhada pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge trí chéile ag fanacht le ráiteas chomh soiléir, a bhfuil tacaíocht shaineolach teangeolaíochta laistiar di, ag teacht ó fhoinse chomh húdarásach le Coiste Comhaireachta a bhfuil an Taoiseach féin ina chathaoirleach air. Ach go mairfidh an Rialtas tuigtear dúinn ó ráitis ... le cúpla mí anuas gur gearr go mbeidh beannacht an Rialtais aici mar straitéis oifigiúil rialtais.”

Dúirt sé gur thug an straitéis aghaidh ar na heasnaimh ba mhó sna struchtúir thacaíochta Stáit a bhí in ainm is a bheith ann leis an teanga “a chosaint, a chothú agus a fhorbairt. Ar ndóigh, tá beachtú le déanamh ar ghnéithe áirithe di, ach tá creat tábhachtach againn, frámaíocht a bhfuil na heilimintí criticiúla sin clúdaithe inti a dhéanfaidh treisiú ar an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di...”

TÁ “TODHCHAÍ na Gaeilge ag brath ar an chóras oideachais,” a dúirt príomhfheidhmeannach ar an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), Muireann Ní Mhóráin, le hionadaithe an tóstail agus tá teipthe ar an chóras céanna. “Níl na daltaí ag tabhairt Gaeilge leo,” a dúirt sí agus “óige gan Ghaeilge” a bhí ann i láthair na huaire.

Cháin sí an Roinn Oideachais as cosc a chur ar earcú foirne don chomhairle: “Muna dtacaíonn an Roinn Oideachais le COGG trí fhoireann a thabhairt dúinn, ní féidir linn an obair a dhéanamh.” Triúr atá fostaithe ag COGG, eagras a dhéanann freastal oideachais ar scoileanna Gaeltachta, lán-Ghaeilge agus scoileanna eile sa Stát. Ní bheadh maith ar bith i straitéis 20 bliain an Rialtais mura raibh “plean feidhmithe” léi nó “pleanáil fhadthréimhseach”.

‘BLIAIN chinniúnach” don teanga a bhí ann, a dúirt príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, le lucht an tóstail agus bhí dúshlán roimh lucht na teanga an straitéis nua a fheidhmiú agus comhoibriú le chéile.

Dúirt sé go raibh ról uile-oileánda ag an fhoras agus nach dtiocfadh leo “amharc ar an aon dlínse amháin”. Bhí gá le comhoibriú ar bhonn uile-oileánda ach go háirithe agus “cúlú eacnamaíochta ag teannadh orainn”.

Ba ghá luach a fháil ar chaiteachas agus bheith samhlaíoch agus fiontraíoch i mbun oibre.

Dúirt an gníomhaí teanga, Donncha Ó hÉallaithe, le lucht tóstail go raibh sé “glan in éadan” éigeantais sa chóras ó thaobh theagasc na Gaeilge de agus ról an oideachais á phlé ar an chruinniú.

B’fhearr leis “córas a mheallfadh daoine le Gaeilge mhaith a fhoghlaim” agus mhol sé córas A-Leibhéal Gaeilge Thuaisceart Éireann as “caighdeán fíor-ard” a chruthú.

Dúirt sé gur chóir go mbeadh rogha ag daoine staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge agus go mbeadh “Gaeilge líofa, Gaeilge scríofa chruinn” acu dá bharr sin.

An focal scoir ag Micheál D. Ó hUiginn, TD. Agus é ag tabhairt freagra ar cheist a cuireadh air i mBéarla, luaigh sé an feachtas a bhí ann in éadan TG4 agus an baol go mbeadh feachtas eile ann in éadan na teanga: “There are many people for whom Irish isn’t dead enough.” Dúirt sé gur amharc siad ar an teanga mar a bheadh “relative who wouldn’t go away”. “Irish was more than words,” a dúirt sé agus cháin sé: “People who are able to inflict a final self-wound.”